Scoil: Baile an Sceilg (C.) (uimhir rolla 8350)

Suíomh:
Baile an Sceilg, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Bríghid Ní Fhianachta
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0478, Leathanach 067

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0478, Leathanach 067

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile an Sceilg (C.)
  2. XML Leathanach 067
  3. XML “An Bhó Sí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Lá amháin do bhí fear i-n-aice na fairrge, agus do chonaic sé bó a ag teacht isteach sa talamh tirim ó'n bhfairrge. Do chloiseadh an fear so na sea-daoine 'á rádh go minic dá gcithfí dorn de chré talmhan leis an mbuin sin go leanfadh sí abhaile tú. Seadh, nuair a bhí an bó i dtír tamall , d'éaluig an fear uirthe, agus do chaith sé dorn de'n chré uirthe, agus do lean sí go dtí na thig féin é. Do bhí sí 'na bó mhaith bainne as san amach aige, agus an chéad bliadhain do bhí gamhain buineann aici , agus ar feadh seacht mbliadhna na dhiaid san. An t-ochtmhadh bliadhain do bhí gamhain tairbh aice. Do mhairbh an fear an tarbh , nuair a bhí sé 'na laogh, agus nuair a chonnaic an bhó go raibh an tarbh marbh, d'árduig sí a ceann , agus do dhein sí greas géimríghe. Annsan d'iompuig sí a h-aghaidh chun na fairrge , agus do lean na seacht gcínn eile í, agus n'fheacaid aoinne as san amach iad.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí eacnamaíocha
        1. talmhaíocht (~2,659)
    2. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Síghle Ní Shúilliobháin
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Conaill
    Inscne
    Fireann
    Aois
    80
    Seoladh
    Cill Rialaigh, Co. Chiarraí