Scoil: Baile an Sceilg (C.) (uimhir rolla 8350)
- Suíomh:
- Baile an Sceilg, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Bríghid Ní Fhianachta
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile an Sceilg (C.)
- XML Leathanach 056
- XML “An Buachaill gur Theastaigh Cuntas uaidh cé acu ab Fhearr Slí a Athar nó a Mháthar chun Dé”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear ann fadó agus bhíodh sé de nós aige mart do mharbhúghadh i n-onóir do Naomh Mártain gach aon bhliain nuair a thagadh Feile Naomh Mártain. Bhí sé ag cur de mar sin ar feadh beagán blianta agus do cailleadh é. An lá a bhítheas dá thórramh agus 'lá na sochraide b'iad na trí lá a tháinig riamh ba mheasa as an spéir le báisteach agus le gála, Bhí aon mhac amháin aige agus an cead Féile Naoimh Mártain a tháinig dubhairt an mac go leanfadh sé féin nós a áthar, Thug sé leis caoire ó'n gcnoc agus do mhairbh sé í , agus má mhairbh do thosnuig a mháthair á bhearradh agus á scóladh. Dubhairt sí leis nár bheag dá athair bheith símplídhe agus gan é sin a bheith ag leanúint an nós céadhna. Níorbh aon chabhair di bheith leis. Bhí an canncar chómh mór san uirthi gur scaip sí an teine dhearg amach ar an dteinteán. Bhí an cat 'na shuidhe ar lic an teínteáin agus do beir cuid de'n teine air, agus má bheir dhírigh sé ar bheith ag lasadh, agus má dhírigh siúd sa tsiubhal é anáirde ar an lochta agus sé an céad áit a bhuail leis ná cleibhín olna a bhí ar bhrághaid an lochta.Do sháidh sé é féin isteach san olainn agus má sháidh siúd leis an olainn ag lasadh. Nuair a chonnaic an bhean an olann fé theine do bhéic sí agus dubhairt sí go raibh a cuid airgid ar fad i gcliabh na h-olna agus go loiscfí é. Siúd anáirde ar an lochta í(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Síghle Ní Drisceóil
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Mícheál Ó Siochfhradha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 40
- Seoladh
- Buaile Uí Chuill, Co. Chiarraí