Scoil: Baile an Sceilg (C.) (uimhir rolla 8350)
- Suíomh:
- Baile an Sceilg, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Bríghid Ní Fhianachta
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile an Sceilg (C.)
- XML Leathanach 054
- XML “An Feirmeoir, an Sagart agus an Duine Bocht”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)crochadh anuas, agus d'fhan sé ann go maidean. An céad tig gur chuaidh an feirméoir isteach ann, bhí gach aon ruid i bhfuirm tíghe ann, bhí bórd ann, agus bhí sé lán de bhiadh. Bhí teine bhreágh ann, agus do shuid sé chun na teine. Cheap sé go dtiocfadh duine éigin isteach, acht níor tháinig duine na daonaidhe. Do shuid sé chun an bh uird, agus d'ith, agus d'ól sé a dhóthain. Annsan do gharbh sé síos sa tseómra, agus cad do bhí annsan ná trí cínn de leabthacha, agus do cheap se ceann acu a bheith níos feárr ná an dá cheann eile, agis do shín sé siar ann, ar íntinn dul a chodhladh, ach má shín féin néal níor thuir air. Ba gheárr gur eirig sé, agus do chuaidh sé isteach sa tarna leabaid, agus ní luaithe a bhí se istig ann ná thuit a chodhladh air, agus d'fhan se ann go maidean. Chómh luath agus do tháinig an duine bocht go dtí an céad tig a bhuail leis, do cheap se gurab é an tig ba bhreághtha dhá bhfeacaid se riamh é ó'n dtaobh amuigh. Ach do bhí stuthán uisce ag rith le h-ais an tíghe, agus nuair a thugadh an duine bocht iarracht ar dul isteach i gcómhnuidhe, d'eirígheadh an sruthán 'na choinnibh, i slíghe is nár fhéad se dul isteach i n-aonchor. Tháinig an triúr acu go dtí an cros airís ar maidin, agus cé bhí ann rómpa ná an duine uasal. D'fhiafhruig se de'n sagart, cad é an(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Síghle Ní Shúilliobháin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Mícheal Ó Bréannáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 63
- Seoladh
- Athghort, Co. Chiarraí