Scoil: Baile an Sceilg (C.) (uimhir rolla 8350)

Suíomh:
Baile an Sceilg, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Bríghid Ní Fhianachta
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0478, Leathanach 053

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0478, Leathanach 053

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile an Sceilg (C.)
  2. XML Leathanach 053
  3. XML “An Feirmeoir, an Sagart agus an Duine Bocht”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí feirmeóir ann fadó, agus bhí Sagart na Paróiste ar Stáisiún aige. Le línn an Aifrinn do bheith ar siúbhal, tháinig duine bocht isteach, agus do chuir an feirmeóir na mílte fáilte roinnis. Ach am basa níor thaithn san leis an sagart, agus d'iarr sé de'n bhfeirmeóir cadh na thaobh gur chuir sé fáilte chómh mor roinnis an nduine bocht, agus nár chuir sé roinnis féin é. Do labhair an feirmeóir leis, agus dubhairt, is feárr a shlíghe chun Dé ná do shlighe-se. Ar chlos na bhfocal san do'n sagart, dubhairt sé go mbeadh sé ag cur de go dtí go bhfaghadh sé amach ó dhuine éigin go bhfuil san fíor. Imtheóchadh-sa i n-aoinfheacht leat arsa'n feirmeóir, agus mise chómh maith libh arsa'n duine bocht. Bhíodar ag cur díobh go dtí go raibh dubh agus dall na h-oidhche ag teacht, agus n'fheadaradar cá bhfaighdís lóistín. Ní ró fhada gur bhuail duine uasal leó, agus d'ínnseadar a scéal do. Bhí cros-bhóthar ins an áit 'na rabhadar 'na seasamh, agus dubhairt an duine uasal leó duine acu do ghabháil gach bóthar, agus an céad tig a bhuailfeadh leó dul isteach ann, agus fanúint go maidean. An céad tig a bhuail leis an sagart chuaid sé isteach ann, agus ní raibh aon nídh i bhfuirm tíghe ann, ach casóg amháin a bhí ar
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Síghle Ní Shúilliobháin
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Mícheal Ó Bréannáin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    63
    Seoladh
    Athghort, Co. Chiarraí