Scoil: Baile an Sceilg (C.) (uimhir rolla 8350)
- Suíomh:
- Baile an Sceilg, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Bríghid Ní Fhianachta
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sean shíon sean úncail dom shean- mháthair a beadh Dómhnall na Scairte. Dómhnall Mac Cártha a bainim dó agus is é an fáth a ghlaodhtí Dómhnall na Scairte ar mar bhí sé na chómhnaidhe ar an Scairt i n-aice lé Néidín. Do mhair sé i n-aimsir na bPéindlíghthe, Do díoltaí buachaillí an uair sin mar sclábhaidhthe agus chuirtí i bhfad ó bhaile iad mar bé sin droch dhlíghe Chromail. Na ceanna a bhí ós cionn na hoibre seo do bhíodar ana mhór lé Dómhnall. Do tháinig an scéal nuair a bhí an duine deireannach curtha chun siúbhail aca agus ní raibh aoinne eile le fágháil san áit acht Dómhnall agus dream de bhuachaillí eile bhí tímcheall. Dubharadar go gcaithfheadh sé imeacht san tsiúbhal cé go raibh ana leisge air mar ní raibh aoinne aige na athair ach é. Do thógadar leó é , é féin agus an chuid eile acu agus chuireadar anáirde ar sheana lochda dhorchadha a bhí ar chaisleán é. Tamall amach san oidhche , nuair a bhí na saighdiúirí ag ithe is ag ól dubhairt Dómhnall lé na chomarádaibh a gcuid éadaigh a chaitheamh díobh agus go gcuirfheadh sé amach tríd an bhfuinneóg iad.. Nuair a bhí an duine deireannach amuich aige agus é féin ag scaoileadh féin síos dó , bhraitheadar e agus as go br,ath leis. Do bhí an namhaid na dhiaidh agus é rómh mhaith sa tsiúbhal(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Eibhlín Ní Leathlobhair
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Bríghde Ní Leathlobhair
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 80
- Seoladh
- Baile an Sceilg, Co. Chiarraí