Scoil: Baile an Sceilg (C.) (uimhir rolla 8350)

Suíomh:
Baile an Sceilg, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Bríghid Ní Fhianachta
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0478, Leathanach 042

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0478, Leathanach 042

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile an Sceilg (C.)
  2. XML Leathanach 042
  3. XML “Oisín tar éis Teacht ó Thír na nÓg”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tamall tar éis d'Oisín teacht ó Thír na n-Óg bhí sé i dtig áirithe, agus bhí cailín aimsire sa tig. Aon lá amháin dhein sí císte agus seo mar a dubhairt Oisín. "Do chonnac-sa biollóg aithnáin ba leithne ná do theinteán. Is breágh dhuit", arsan cailin. Lá eile bhí rolla ime aici agus dubhairt sé "Do chonnac-sa caorthán cárthan ba mhó ná do rolla ime. Is breágh dhuit", ar sise. Do bhí ceathrú mairt aici lá eile, agus dubhairt sé. "Do chonnac-sa ceathrú lon ba mhó ná do cheathrú mairt". D'fhan an scéal mar sin. Bhí gadhar sa tigh agus bhí coileáin le bheith aici. Dubhairt Oisín leis an mbuachaill an chéad coileán a bheadh aici a choimeád do. Do dhein, agus nuair a fhás sé bhí se 'na ghadhar mór. An lá seo dubhairt sé leis an mbuachaill go raghaidís ag fiadhach. D'imthigheadar leo agus nuair a thangadar go dti taobh cnuic bhi tri galán cloiche ann. Dubhairt Oisín leis an mbuachaill a lámh a chur ar an gceann láir acu san. Do dhein agus leag sé í. Cad a bheadh thíos fúithi ach úirlis ceoil. Do thóg Oisín suas é agus thosnuig se ag seinm. Níor chualaidh an buachaill aon cheól chómh breágh leis riamh. Do bhailibh na h-éanlaithe go léir a bhí sa spéir tímcheall ortha. Dubhairt Oisín leis an mbuachaill féachaint an bhfeiceadh sé aon nídh sa spéir. Ba ghearr go bhfeaca sé rud éigin mór ag teacht anoir adthuaidh. Nuair a bhí sé ag déanamh ortha dubhairt oisín leis an mbuachaill an coileán a thabhairt chuige agus é dhíriú air. Do dhein, agus cad a bhead ann ach lon dubh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Síghle Ní Drisceóil
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Bríghid Ní Leathlobhair
    Inscne
    Baineann
    Aois
    80
    Seoladh
    Baile an Sceilg, Co. Chiarraí