Scoil: Baile an Sceilg (C.) (uimhir rolla 8350)
- Suíomh:
- Baile an Sceilg, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Bríghid Ní Fhianachta
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile an Sceilg (C.)
- XML Leathanach 034
- XML “An Lutharacán”
- XML “An Bhaintreach agus A Beirt Iníonacha”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Ba dúbha a thógaint. Do dhein sé rud ar an luthracán, agus dó thóg sé na h-aon rud adubhairt sé leis, agus do bhí sé saidhbhir as san amach, agus níor chaith sé bheith ag aodhaireacht na mbó a thuille.
- Do bhí baintreabhach ann fadó agus do bhí beirt inghean aice. Lá mar seo , bhí corcán ar an dteine , agus ruainín feóla ann, agus dubhairt an bhaintreachach le duine des na cailíní dul amach agus tor cabáiste a thabhairt isteach, agus nuair a chuaidh sí amach ,is amhlaidh a bhí beithídeach draoidheachta amuigh, agus é ag ithe chabáiste. Do chroth sé a cheann , agus d'arduig sé chun siúbhalí. Do bhí sé ag cur de go dtáinig sé go dtí páirc mhór, go raibh carraig mhór istigh i lár na páirce. Carraig draoidheachta do beadh é sin chómh maith, agus do labhair an beithídeach leis an gcarraig agus dubhairt oscail, agus d'oscail , agus cad do bhí istigh ann ach tig breágh. Do chuir sé an cailín isteach i seomra agus ní túisce a bhí sí istigh ná dhein sé fear de féin. An tarna h-oidhche bhí an corcán ar an dteine airís, agus dubhairt(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Síghle Ní Shúilliobháin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Síghle Gugán
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Com, Co. Chiarraí