Scoil: Baile an Sceilg (C.) (uimhir rolla 8350)

Suíomh:
Baile an Sceilg, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Bríghid Ní Fhianachta
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0478, Leathanach 029

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0478, Leathanach 029

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile an Sceilg (C.)
  2. XML Leathanach 029
  3. XML “Dónall Ó Conaill agus na Sasanaigh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Do chuaidh Dómhnall Ó Conaill aon uair amháin anonn go Sasana. Chuaidh sé isteach go tig óil, agus do casadh dream de sna Sasannuigh air istig agus é ag ól. San oidhche ab eadh é, agus ba ghearr go rabhadar ag tabhairt óil do. Do chuir duine acu nimh i gceann de sna gloinní. Bhí cailín aimsire sa tig, agus do chonaic sí cad a deineadh, agus seo mar a dubhairt sí le Dómhnall -
    '' A Dhomhnaill Uí Chonaill, a dtuigeann tú Gaedhlinn?''
    Tuigim a chailín, agus air maireann dom
    ''Tá salann ar do phraisig, agus í dhá té dhuit,
    Múc an solas agus aithrig an taepot''.
    Do thuig Dómhnall an cailín agus b'aithin sé cad a bhí déanta acu.
    Dubhairt sé leo go múineadh sé féin cleas dóibh ná feacadar riamh agus thosnuig sé ag cur na gloinní tré na chéile, go dtí gur aithrig sé an ceann go raibh an nimh ann, agus seo mar adubhairt sé
    ''Melbro, Melbro, a Sheáin na Múrna
    Bain ribe tfheasóig agus cuir seol fútha''.
    Ba ghearr gur thosnuig na Sasannaigh ag déanamh an cleas céadna leis na gloinní, agus ní raibh fhios ag aoinne cá raibh an ceann go raibh an nimh ann. Dubhairt Dómhnall leo gur theartaigh uaidh dul amach. Ní leogfaidís amach é ar eagla go n-imtheóchadh sé uatha. Dubhairt sé go bhfágadh sé a hata acu go dtí go dtiocfadh sé thar nais. Do leogadar amach é, agus ní raibh sé amuigh nuair a thuit duine acu istigh. Níor stad sé gur thainig sé abhaile ar Dar Fionan. Do chuir sé fios ar an gcailín, agus thug sé leis anall í, agus thug sé a dhóthain don t-saoghal dhi agus do
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. pearsana stairiúla (~5,068)
        1. Dónall Ó Conaill (~175)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Síghle Ní Drisceóil
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Bríghid Ní Leathlobhair
    Inscne
    Baineann
    Aois
    80
    Seoladh
    Baile an Sceilg, Co. Chiarraí