Scoil: Baile an Sceilg (C.) (uimhir rolla 8350)

Suíomh:
Baile an Sceilg, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Bríghid Ní Fhianachta
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0478, Leathanach 025

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0478, Leathanach 025

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile an Sceilg (C.)
  2. XML Leathanach 025
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí cúigear iascairaithe ann fadó, agus bhí bad ceithre mhaide eadortha agus cúig píosa lín, agus ní raibh aon tslíghe beatha aca ach an t-iascac. Do chuadar ag isacach oidhce des na h-oidhcheanna . Oidche ana bréagh dob ead é agus ní raibh luascadh lín ar an bhfairrge. I lár na h-oidhche amach d'éirigh duine des na fir sa bhád agus do thairrig sé chuigis a chuid tobac agus a phíop. Do geárr sé an tobac agus chuir sé sa phíop é. Bhí a sgian 'na lámh aige agus do chonnaic sé chuige tonn mór. Do bhéic sé is do líug sé ar an gceathrar eile tosac an bháid a thabhairt tímcheall i gcoinne na toinne , Níor dhein sé ach an sgian a bhí 'na lámh a chaitheam igcoinne na toinne agus do thuit sí go bealach calm agus dheineadar togha agus rogha deabhaidh abhaile. Do chuadar amach arís an oichche na diaidh an agus i n-am mhairbh na h-oidhche, chonnacadar long mór ag teacht chúca. Labhair captaon na luinge leis an gcaptaon eile agus d'fiafhruig sé dhe an dtabharfadh sé fear dó chun beagán oibre do dheanamh leis agus ná coiméadfaidís abhfad é. Do fhreagair an captaon eile agus dubhairt sé ná raibh aon smacht aige ar aoinne des na fearaibh , agus do ghlaoidh an captaon ar an bhfear a chaith an sgian ar an dtuinn agus d'iarradar air an dtiochfadh sé leo agus dúbhairt sé go raghadh. Níorbh fhada ro rabhadar ar tóin na fairrge. Is amhlaidh a bhí cúirt breágh annsan. Do tugadh isteach i seómra é. Bhí cailín sínte ar leabhaidh agus sgian sáidte in a pluic agus dubhairt an captaon leis é tharrac amach do dhein. D'iarradar air
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Cáit Ní Máine
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Conaill
    Inscne
    Fireann
    Aois
    80
    Seoladh
    Cill Rialaigh, Co. Chiarraí