Scoil: Baile an Sceilg (C.) (uimhir rolla 8350)
- Suíomh:
- Baile an Sceilg, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Bríghid Ní Fhianachta
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Máire chomh maith, agus dubhairt sé léi teacht chun an bhúird. Tháinig ,agus bhí sí buidheach beannachtach dó. D'fhanadar annsan go dtí aimsear suipéir, agus níorbh fhada gur buaileadh an doras, agus tháinig chúcha isteach seanabhean bocht , críodna caithte, agus do cheapadar ná raibh innte teacht aníos chun na tine le lagachar agus le h-aos.. Do bheannuig fear a 'tíghe di , agus d'iarr sé uirthi teacht chun an bhúird, ach dubhairt sí leis go m 'bfearr léi a cuid a a thabhairt aníos chun na teine chúiche féin. Do tugadh chúiche aníos biadh agus deoch, agus d'ith agus d'ól sí a dóthain, Nuair a tháinig aimsear codhladhta, dubhairt fear a' tíghe go ndéanfadh sé leabaid do' n dtriúr acu sa chúinne, ach dubhairt an seanabhean go mbfeárr sí féin soipín féir a chaitheamh aníos chun na teine chuiche. Ní raibh aon amhras fóghanta aige Bríghde aisted, mar is minic a thugadh í fé ndeara í ag tabhairt droch shúil uirthe féin. Ach go h áirithe chuaidh Bríghde agus Máire i n-aon leabaidh amháin agus d'fhan an seanabhean sa chúinne. Annsan do chuaidh muinntir an tíghe a codladh, agus ní ró shásta a bhí Bríghde léi féin, mar is minic a thugadh sí fé ndeara an seanabhean so ag tabhairt droch shúil uirthe. Do bhí Máire 'na codladh go sámh fé'n am so,ach má seadh ní cúram codhladhta do bhí ar Bhríghde bhocht , ach mar sin féin do leog sí uirthe bheith ag sranntarnaig. Do thug Bríghde súil -féachaint( sle) uirthe, agus ambasa , cad a chífeadh sí ná an bríste laistig don seana ghúna. Annsan dubhairt Bríghde léi féin gurbh olc an áit a thug a cosa í i gcómhair na h-oidhche. Do cheap an seanabhean seo mar dheadh, Bríghde bheith 'na codhladh.Annsan do phreab sí amach i lár an urláir ,agus do chaith dhi an seana ghúna.Ach anois faraoir, ní seanabhean a bhí ann a thuille ,ach stropaire breágh(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Síghle Ní Shúilliobháin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Mícheal Mac an Roigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 66
- Seoladh
- Baile an Sceilg, Co. Chiarraí