Scoil: Baile an Sceilg (C.) (uimhir rolla 8350)
- Suíomh:
- Baile an Sceilg, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Bríghid Ní Fhianachta
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bríghde agus na buachaillí bána
Do bhí beirt bhan bhochta ag siúbhal rómpa uair,agus ag bailiúghadh na déirce , darb ainm dóibh Bríghde agus Máire. Do bhí Bríghde go fuinneamhail agus go láidir, ach níor b.amhlaidh dá páirtídhe Máire, bhí sín críodhna dearóil ,agus níorbh fhada go dtraochfadh an bóthar í.Lá amháin bhíodar ag cur díobh go dtánghadar go dtí tigh a bhí ar thaobh an bhóthair.Dubhairt Bríghde go raghadh sí féin isteach sa tig san,agus dubhairt sí le na comrádaidhe Máire dul go dtí tig éigin eile. Ach sar ar scaradar, do ghealladar araon don a chéile dá mbeadh aon sógainí córach ag duine acu, gan an tarna duine do dhearmhad. Ach go h-áirithe, do scaradar agus chuaidh Bríghde isteach sa tig ar chliathán an bhóthair, agus do chuir fear an tighe fáilte roimpe. Aimsear dinnéir a b'eadh é , agus bhí muintir an tighe ag ithe na bprátaí. Dubhairt fear a' tighe le Brighde teacht chun an bhoird, agus do tháinig go tapaidh. Ag ithe dhi níor dhearmhad sí Máire, agus níorbh fhada gur thug fear a ' tighe fé ndeara í ag tógaint cuid de 'n bhídh, agus ' á cur i bhfolach 'na h-áprún. D'fiafruig sé dhi, cad fáth dhi bheith ag tógaint an bhíd, ach dubhairt sí leis go raibh páirtídhe eile aice, darb ainm di Máire, agus sar ar scaradar araon ó na chéile gur ghealladar dá mbeadh aon sógainí córach ag duine acu, ná dearmhadfaidís an tarna duine. Annsan d'fiafruig sé dhi, cá raibh sí, agus d'innis Bríghde dho. Dubhairt sé léi bheith amuigh go tapaid agus í thabhairt isteach. Do chuaidh Bríghde amach, agus do thug sí Máire isteach. Do chuir fear a' tíghe fáilte romh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Síghle Ní Shúilliobháin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Mícheal Mac an Roigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 66
- Seoladh
- Baile an Sceilg, Co. Chiarraí