Scoil: Baile an Sceilg (C.) (uimhir rolla 8350)
- Suíomh:
- Baile an Sceilg, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Bríghid Ní Fhianachta
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)[a]gus dhá chaoire ar théid aige. Do bheannuig sé de Sheán, agus [do] bheannuig Seán do. Do bhíodar ag cainnt annsan ar feadh [t]amaill. Dubhairt an fear óg le Seán gur dóca gur bholc é a [shl]íghe féin chun Dé, gur ag goid agus ag fuadach a bhí sé riamh, [a]ch ná raibh leigheas aige air; mar ná raibh aon nídh aige a [bh]eatheóchadh é féin agus an lanama aosta, agus dá bfaghadh sé [cu]rtha i gcré talmhan iad, go ngeallfadh sé do Dhia ná goidfeadh sé aon nídh go bráth airís. Le na línn sin do bhuail galar an bháis [a]n fear aosta, agus dubhairt an beithiúnach go gcaithfeadh sé dul [a] d'iarraid an tsagairt, ach dubhairt Seán go mbféidir go ndéanfadh [s]é féin an gnó, agus do dhein. Dhera do bhuail an galar [c]éadhna an tseana bhean, agus do chuir Seán an Ola uirthe, [a]gus do bhí sí marbh fé mhaidean. Dubhairt sé 'na aigne féin [g]urb é sin an beithiúnach, agus do bhailig sé leis, agus do bhí [s]é ag cur de go dtí an tráthnóna, agus do bhuail scata garsún leis ar [ch]liathán cnuic, agus iad ag bailiúghadh caorach. Bí caora i n-easnamh ar dhuine des na garsúin, agus do chuir sé [t]-uairisc na caorach ar garsun eile. Dubhairt sé sin leis go raibh sí síos i nGoirtín na Crúdha agus an t-uan i n-aoinfeacht [l]éi. Do lean Seán an garsún gan aon tuairisc a chur air. Do [sh]ín sé amach an teampaill ar fhaid, agus ar leithead, agus do [bh]í sé deanta taréis na h-oidhche.
- Bailitheoir
- Síghle Ní Shúilliobháin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Mícheál Mac an Roigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 66
- Seoladh
- Baile an Sceilg, Co. Chiarraí