Scoil: Baile an Sceilg (C.) (uimhir rolla 8350)
- Suíomh:
- Baile an Sceilg, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Bríghid Ní Fhianachta
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)dath an óir. Cad é an bhrígh a bhaineann tú asta san anois arsa an Duine Uasal le Seán. N'fheadfainn a rádh arsa Seán. Sin iad anois sé lá na seachtmhaine arsa'n Duine Uasal na sé cínn [?] ar aon stampa amháin, agus an seachtmhadh ceann atá deifireach leó sin é an Domhnach. Cuir isteach anois iad ar seisean san áit go bfuairis iad. Do chuir Seán isteach iad, agus ar a [?]iompáil amach do, ní raibh aon tuairisc ar an nDuine Uasal. Bhí Seán ag cur de annsan, gur tháinig se go dtí tig a bhí ar [?]taobh an bhóthair. Bhí daoine ag dul isteach, agus daoine ag teacht amach as san mar thig, agus do chuaidh Seán féin isteach. Is amhlaidh a bhí bean annsan ag díol leanna, agus nuair a líonadh sí na gloiní, agus nuair a sgéidhfeadh aon braon de dhruim béal na gloine do thosnugheadh sí ar bheith ag sileadh na ndeór.
Nuair a fuair Seán aon chasthamhlacht uirthe annsan d'fhiafhruig sé dhi cad fáth dhi bheith ag sileadh na ndeór. Dubhairt sí nuair a chídheann sí na braonacha ag sileadh de dhruim béal na gloine go gcuimhnígheann sí ar fuil ár Shlánuightheóra do dortad.
Dubhairt Seán 'na aigne féin gurb í sin bean an leanna, agus gur bhfeárr a slíghe chun Dé ná a shlíghe féin. Chuir sé chun bóthair annsan , agus bhí sé ag cur de, gur tháinig drúcht agus deirreanaighe na h-oidhche, agus do stad sé i n-imeall coille. Do chonnaic sé uaid i lár na coille an solas caoch. Chuaidh sé fé na dhein agus is amhlaidh a bhí botháinín annsan agus lánamha críodhna caithte ann. Do bheannaig Seán dóibh, agus do bheannuighdear do go beasach, agus d'aithin Seán go raibh fáilte acu roimis. D'fhan sé ann go meádhon-oidhche. Buaileadh an doras, agus do sháid chúcha isteach rábaire d'fear óg,(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Síghle Ní Shúilliobháin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Mícheál Mac an Roigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 66
- Seoladh
- Baile an Sceilg, Co. Chiarraí