Scoil: Baile an Sceilg (C.) (uimhir rolla 8350)

Suíomh:
Baile an Sceilg, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Bríghid Ní Fhianachta
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0478, Leathanach 013

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0478, Leathanach 013

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile an Sceilg (C.)
  2. XML Leathanach 013
  3. XML “Seán Bráthair Chonchubhair”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. [Bh]í fear san Róimh darb ainm do Seán Bráthair Conchubhair, agus bhí sé [á] bhearradh fein maidean luain, agus do bhí taobh dá leacain beárrtha [a]ige nuair a chuimhnig sé gurb é an Luan a bhí ann, agus do stad [sé], mar do cheap sé nár maith é lomadh an Luain. Dhera le na línn [sa]n do bhuail gach clog dá raibh sa Róimh. Bhí fhios ag an bPápa [a]nnsan go raibh droch pheacach éigin 'na measc, agus do leathadh an []eal mor-thímcheall. Má seadh, ba mhaith an mhaise sin do Sheán. [D]o chuaid sé i láthair an Phápa, agus d'admhuig sé dho gurb é [f]éin an droch pheacadh. Seadh anois, arsa an Pápa caithfead []iolóide a chur ort dá bhárr san. Caithfir dul go hÉirinn, agus []rí nídh a dhéanamh amach ann, gan a gcúntas a chur ar aoinne. [T]á bean ann a bhíonn ag díol leanna, agus is feárr a slíghe [ch]un Dé ná do shlíghe-se. Tá beithiúnach ann, agus bhí sé ag goid [a]gus ag fuadach riamh ó fhág sé cóta na bannládh, agus is [f]eárr a shlíghe chun Dé ná do shlíghe-se, agus caithfir teampall a [sh]íneadh amach i nGoirín na Crúdha, ar an méid sin péirse ar [fh]aid, agus an méid sin péirse ar leithead. Do ghluais Seán agus [d]o tháinig sé go h-Éirinn. Do bhí sé ag cur de lá tré thalamh [f]uar fásaigh, agus do tháinig Duine Uasal leis. Do bhíodar cois [a]r chois le na ghéile ar feadh tamaill. Do léim ean amach as []leathán claidhe, agus dubhairt an Duine Uasal le Seán dul isteach [s]an áit gur fhág an t-ean. D'imthig sé isteach, agus is amhlaidh [do] bhí nead ag an ean, agus seacht gcínn d'uibhe innte, agus do [th]ug sé chuige amach ar a bhais iad. Do bhí sé cínn acu ar aon [s]tampa ann, agus do bhí an seachtmhadh ceann deifireach leó ar
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0756B: The Devil's Contract
    Teanga
    Béarla
    Bailitheoir
    Síghle Ní Shúilliobháin
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Mícheál Mac an Roigh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    66
    Seoladh
    Baile an Sceilg, Co. Chiarraí