Scoil: Baile an Sceilg (C.) (uimhir rolla 8350)

Suíomh:
Baile an Sceilg, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Bríghid Ní Fhianachta

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Stáca Sheáin Duinn - Baile an Sceilg

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0478, Leathanach 009

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Stáca Sheán Duinn (Baile 'n Sceilg)
(1)
Aréir im' aisling is mé ag machtnam t'réis mé síneadh
Ar mo stáicín tuighe a bheith i dtuinn dá bádh
Is nách bhuadhartha a bhí m'aigne i gcaitheamh na h-oidhche
Le h-eagla gur daoine do cur ann lámh

(2)
Do samhluigheadh trem'[?] chodhladh dhom gur gheibheas go dtí é.
Ní raibh mar a bhí sé ach luchaig ann ar snámh.
Ó gur greadas-sa mo bhasaib, is gut chromas ar é chaoneadh,
Is gur chuardígheas gach díg de, síos go dtí an Caisleán.
(3)
Gur phreabas-sa chun reatha, féar a' bhfaighinn gan mhoill é.
Is do leanas barra taoide, gur gheibheas go dtí an t-ádh
Bhí gála, agus tarrac ann, is béigean dúinn gabháil tímcheall
Chun é chuardach airís go dtípoinnte na mbárc,
(4)
Do bhíos-sa fuar leathta, fé ocras is íotaig
Is gan aon stór im' tímcheall do cheanneóchad dom arán
Ó, go rabh-as ag filleadh abhaile, chun gur bhuail Seán a' D'rín[?] liom
Is do thuig mo dhóthain bíd dom, is do bhí agam leis gádh
(5)
D'fiafhruig díom an flathartach, cad a sheol an tslíghe me.
Nú ar mhiste dhom é ínnsint, cad é an fáth gur fágas Ceannárd
Dubhart, gur stáicín coirce liom, a bhí imighthe t'réis na h-oidhche
Aige tuille de dhruim tíreach[?], a sciob é amach fé'n mbádh

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Síghle Ní Shúilliobháin
Inscne
baineann
Faisnéiseoir
Conchúbhair Ó Dálaig
Inscne
fireann
Aois
62
Seoladh
Cinn Aird Thoir, Co. Chiarraí
Teanga
Gaeilge