Scoil: Baile an Sceilg (C.) (uimhir rolla 8350)

Suíomh:
Baile an Sceilg, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Bríghid Ní Fhianachta

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Abha Cóille

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0478, Leathanach 004

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Do bhí bainntreabhach ag Abha Cóille, go raibh aon mac amháin, agus triúr inghean aice. Dubhairt an mac léi, lá amháin go mbfearra dhó dul i n-aimsir nó le céird éigin. Cad í an chéard go mbeithfeá in aidhine dul léi arsa an mháthair? Bíos meáidhte ar dul le Gaibhneacht ar seisean. Ba mhaith an ceárd san arsa an máthair dá bfoghlumótheá í. D'imthig sé air, agus bhí sé ag siúbhal riamh is coidhche nú gur bhuail cnobarlach de sheana Ghabha leis, agus ceárdtha ar thaobh bóthair aige.
D'fhiafhruig sé dhe an dtógfadh sé príntíseach. Do tógfainn a dubhairt sé ach n'fheudfainn tu do chothú. Chuaidh sé amach go dtí na sheana-bhean, chun a fhiafruighe dhi an mbeadh sí sásta leis an mbuachaill do thógaint. B'fhéidir gur mac duine bocht é arsa an tseana-bhean, agus go n-íosfadh sé gach a mbeadh agat féin. Do luig sé leó pé i nÉirinn é, agus ba mhaith an díol air. Bhí glaodhach nár bheag ar a gcéird acu, agus bhíodar ag cur airgid thórsa mar ba mhaith leó. D'fhan sé aige go ceann cúig mbliadhan, agus nuair a bhí na cúig bliadhna caithte aige, dubhairt sé go raibh sé i n-am aige ceárdtha do chur suas é féin. Do roinneadar an t-airgead ar a chéile, agus nuair a bhí san déanta do chrom an sean-duine ar ghol. D'fhiafruig an buachaill de cad a bhí air. Má shocruigheann tú fút i n-aon treo dhom ar seisean. Ní thiocfaidh an t-asal féin chugham ar seisean. Ná biodh eagla ort go
bfhanfad i n-aon treo dhuit arsa an buachaill. D'imthig sé air, agus do bhí ag cur de ar feadh laethanta, nú gur casadh isteach i mbaile mór

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Síghle Ní Shúilliobháin
Inscne
baineann
Faisnéiseoir
Seán Ó Ciarbhaic
Inscne
fireann
Aois
90
Seoladh
Baile an Sceilg, Co. Chiarraí
Teanga
Gaeilge