Scoil: Baile an Sceilg (C.) (uimhir rolla 8350)
- Suíomh:
- Baile an Sceilg, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Bríghid Ní Fhianachta
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)tinn leat-sa é arsa Daidí, ach is tinn liom-sa é, nuair a dhóighis mo chruach móna. Annsan do bhain sé di an cos chlé. Tinn, tinn, a Dhaidí ar sí sin. Ní tinn leat-sa é arsa Daidí, ach is tinn liom-sa é, nuair a dhóighis mo scioból. Annsan do bhain sé an chluas di. Tinn, tinn, a Dhaidí ar sí sin. Ní tinn leat-sa é arsa an t-athair, ach is tinn liom-sa é, nuair a dhóighis mo bheirt leanbh. Mhaise, a Dhaidí, ar sí sin, go dtéighid dealg id' cois, agus nár bhainid aon rud as é, ach an snáthad atá annseo im' ghúna. Ní raibh an focal as a beul nuair a chuaid dealg 'na chois, agus is ar éigean do shiúbhalaidh sé abhaile leis. Nuair a chuaid sé abhaile béigean do luighe sa leabaid le pian, agus le teinneas i 'na chois. Nuair a bhí sé imighthe ó'n gcailín bocht, tháinig bean chúichi, agus do chuir sí uirthe airís gach nídh do bhain a h-athair di. Bhí ionghnadh mor ar an gcailín, agus d' fiafhruig sí de'n mnaoí cér'bhí í féin. Mise do mháthair a leinbhín, arsa an bhean léi. Dubhairt sí léi annsan imtheacht suas go dtí tig a bhí ar an dtaobh shuas díobh, mar go dtógfaidhe mar chailín aimsire ann í. Níorbh fhada a bhí sí ins an tig, nuair a thuit mac an duine uasail i ngrádh léi, agus do pósadh iad. An chead leanbh do bhí aice, níor baisteadh é go raibh sé seacht mbliadhna. Annsan d'árduig sí léi é, lá go dtí tig a h-athar. Nuair a chuaid sí isteach, do bhí fáilte is fiche roimpe ag an leas-mháthair, mar níor aithin sí í, agus do cheap sí gur bean uasal mor í. Annsan glaoid sí ar na h-uaisle(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Síghle Ní Shúilliobháin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Mícheál Ó Súilliobháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Seoladh
- Cinn Aird Thoir, Co. Chiarraí