Scoil: Baile an Sceilg (C.) (uimhir rolla 8350)
- Suíomh:
- Baile an Sceilg, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Bríghid Ní Fhianachta
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí duine uasal fadó riamh ann, agus do bhí aon [in]ghean amháin aige. Nuair a bhí sí ana óg do cailleadh [a m]áthair, agus annsan do phós a h-athair airís. Do bhí [gr]áin mílteach ag an leas-máthair ar an leas-inghín. Aon lá amháin do chuaid a fear as baile, agus do [dhó]ig a leas-máthair cruach móna. Cuirim-se mar [bhr]eith, agus mar gheasa troma draoidheachta ort, ar sise [lei]s an leas-inghin, gan é seo d'ínnsint d'aoinne go [n-i]nnisfir do leanbh seacht mbliadhan gan baiste é. Nuair a [thá]inig a fear abhaile, dubhairt a bhean leis, nách olc an [ingh]ean atá agat. Tá do cruach móna dóighte aice. [Du]bhairt an t-athair, ná bac san, is fuiriste cruach [nua] d'fhagháil. An tarna lá do dhóig sí an sgioból, agus [do] chuir sí an bhreith céadhna ar an leas-inghín. Nuair a [thái]nig a fear abhaile airís dubhairt sí nách olc an [in]ghean atá agat, tá do sgioból dóighte aice. Dubhairt an [t-]athair, ná bac san, is fuiriste sgioból eile d'fhagháil. [An] treas lá, do dhóigh sí beirt leanbh léi féin, is chuir [sí] an bhreith céadhna ar an leas-inghín, agus nuair a [thái]nig a fear abhaile d'innis sí an sceal do. Do mealladh [an] t-athair, agus tháinig an oiread san feirge air, gur [ar]duig sé leis a inghean go dtí coill a bhí tamall ó'n [dti]g. Bhí a croidhe briste i dtaobh gur chreid a h-athair [an] sceal. Do cheangal sé de chrann í, agus do bhain sé [an] lámh dheas aiste. Tinn, tinn, a Dhaidí ar sí sin. Ní(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Síghle Ní Shúilliobháin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Mícheál Ó Súilliobháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Seoladh
- Cinn Aird Thoir, Co. Chiarraí