Scoil: Baile an Sceilg (C.) (uimhir rolla 8350)

Suíomh:
Baile an Sceilg, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Bríghid Ní Fhianachta
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0478, Leathanach 001

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0478, Leathanach 001

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile an Sceilg (C.)
  2. XML Leathanach 001
  3. XML “Leanbh Seacht mBliana gan Bhaiste”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí duine uasal fadó riamh ann, agus do bhí aon [in]ghean amháin aige. Nuair a bhí sí ana óg do cailleadh [a m]áthair, agus annsan do phós a h-athair airís. Do bhí [gr]áin mílteach ag an leas-máthair ar an leas-inghín. Aon lá amháin do chuaid a fear as baile, agus do [dhó]ig a leas-máthair cruach móna. Cuirim-se mar [bhr]eith, agus mar gheasa troma draoidheachta ort, ar sise [lei]s an leas-inghin, gan é seo d'ínnsint d'aoinne go [n-i]nnisfir do leanbh seacht mbliadhan gan baiste é. Nuair a [thá]inig a fear abhaile, dubhairt a bhean leis, nách olc an [ingh]ean atá agat. Tá do cruach móna dóighte aice. [Du]bhairt an t-athair, ná bac san, is fuiriste cruach [nua] d'fhagháil. An tarna lá do dhóig sí an sgioból, agus [do] chuir sí an bhreith céadhna ar an leas-inghín. Nuair a [thái]nig a fear abhaile airís dubhairt sí nách olc an [in]ghean atá agat, tá do sgioból dóighte aice. Dubhairt an [t-]athair, ná bac san, is fuiriste sgioból eile d'fhagháil. [An] treas lá, do dhóigh sí beirt leanbh léi féin, is chuir [sí] an bhreith céadhna ar an leas-inghín, agus nuair a [thái]nig a fear abhaile d'innis sí an sceal do. Do mealladh [an] t-athair, agus tháinig an oiread san feirge air, gur [ar]duig sé leis a inghean go dtí coill a bhí tamall ó'n [dti]g. Bhí a croidhe briste i dtaobh gur chreid a h-athair [an] sceal. Do cheangal sé de chrann í, agus do bhain sé [an] lámh dheas aiste. Tinn, tinn, a Dhaidí ar sí sin. Ní
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0706: The Maiden Without Hands
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Síghle Ní Shúilliobháin
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Mícheál Ó Súilliobháin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    60
    Seoladh
    Cinn Aird Thoir, Co. Chiarraí