Scoil: Achadh Tiobraid (uimhir rolla 9878)
- Suíomh:
- Achadh Tiobraid, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Tomás Ó Muircheartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ainimhidhthe neamh-shaoghalta
Bhí fear ináit gurbh ainim de'n áit an Mhacaire, agus chómhnuig sé féin as a mháthair le céile. Bean aosta do beadh a mháthair. Buachaill ana dhiacallac, saotharach do beadh é. D'imthig sé deire oidhche go dtí an tráig ag diarraidh ualach feamnaighe. Cad do bhfeiceadh sé ina suidhe ar cloc acht cailín breágh óg, agus í ag cíoradh a cuid gruaige. Bhí gruaig chómh fada uirthi go raibh sí ag tuitim síos go dtí an talamh. Bhí a cocall draoideachta le'n a hais.
Do rith sé, agus do snap sé an cocall. agus chaith sí lei é leanamaint annsan. Bean fairrge a beadh í. Choinnibh sé ag baile í ar feadh tamaill, agus phós sé annsan í. Bhean ana mhaith dá mháthair do beadh í, agus bhí ceathrar leanbh aici. Níor gháir sí riamh acht trí uaire. Tháinig bean de's na cómharsain lá ag glaodac uirthi, go mbeadh sí inéinfheacht lei ag dul go dtí an tAifreann. Dubhairt(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Tomás Ó Muircheartaigh
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Bean Uí Mhuircheartaigh
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann