Scoil: Achadh Tiobraid (uimhir rolla 9878)
- Suíomh:
- Achadh Tiobraid, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Tomás Ó Muircheartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Achadh Tiobraid
- XML Leathanach 311
- XML “Ainmhithe Neamhshaolta - Scéal”
- XML “Ainmhithe Neamhshaolta - Scéal Eile”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ainmhidhthe neamh-shaoghalta
Sgéal:-
Tá loch im' pharóiste féin, agus deirtear go bhfuil eascú mór ina dtugtar "carbuncle" air. Uair ins na haon seacht mbliana éirigeann sé sin, agus bíonn solus buille le feisgint mór thimcheall na háite. Crothann sé é féin, agus bíonn sliogáin le fágail amuigh ar an dtalamh mór timcheall na locha. Ní bhíonn sé le feisgint ach igcionn na seachtmadh bliana igcomnúidhe, agus ní bhíonn na sliogáin le fághail leis acht gach seachtamhadh blian. - Sgéal eile
Bhí cailiní óga ag fogluim snáimh timcheall ceithre fichid blian ó shoin. Lá breágh gréine do beadh é, agus domhnac beannuighthe i lár an lae a bhí ann leis. Bhí na daoine críona ag an tAifreann. Ní rabhadar i bhfad ins an sáile nuair déirig fear suas amuigh sa bhfairrge. Tháinig sé ina dtreó, agus do ritheadar san cómh tapaidh as dféadadar é. Labhair sé sin agus bé an rud a dubhairt(leanann ar an chéad leathanach eile)