Scoil: Achadh Tiobraid (uimhir rolla 9878)
- Suíomh:
- Achadh Tiobraid, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Tomás Ó Muircheartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Fathaig agus CailleachaSgéal Fathaig:-
Bhí baintreach ann fadó, agus cailleadh a fear agus bhí aon mhach amháin aici agus bhí sé sin símplídhe Ní raibh aon talamh aici agus paiste beag suarach agus bíodh trí cinn de gabhara aici. Seáinín a bhíodh ag tabhairt aire des na gabharaibh gach lá. Tháinig lá gála sneachtan lá mar seo. Chuir sí amach Seáinin ar fuid na gabhair bhfeucad sé iad a chur ar foithin. Bhí golán mór fada amuigh i bpáirc an fheirmeóra ina sheasamh. Dfaisg Seáinín ar an ngolán a leaghadh leis an ngála. Leagadar é, thuit an golán. Cad a bhí acht poll mór thíos fén golán agus é lan de shobhran as de leath shobhran
Nuair a chonnaic Seáinín iad thóg sé ámhar aca ina láimh. Nuair a théig sé isteach go dtí a mháthair thaisbeán sé do iad go raibh cnaipí óir aige. D'iarraidh a máthair dhe cá bhfuair sé iad. Dubhairt sé gur leag sé golán thíos annsan, agus go raibh stácaí aca thíos fé'n ngolán.
Dimthig sí amach agus thug sí lei máilín í féin(leanann ar an chéad leathanach eile)