Scoil: Achadh Tiobraid (uimhir rolla 9878)
- Suíomh:
- Achadh Tiobraid, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Tomás Ó Muircheartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Achadh Tiobraid
- XML Leathanach 163
- XML “An Cuigeann”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An Cuigeann
Tá meadar agam sa bhaile. Meadar a tugtar air Tá sí ceithre troighthe as goile ar aoirde. Tá sí trí troighthe ina bhun, agus troigh go leith ina bhárr. Timcheall fiche bliain ó shoin a deintí í.
An Cuigeann
Tá meadar agam sa bhaile. Meadar a tugtar air Tá sí ceithre troighthe as goile ar aoirde. Tá sí trí troighthe ina bhun, agus troigh go leith ina bhárr. Timcheall fiche bliain ó shoin a deintí í.
an Clár :- Tá clár ar bárr na meidre, poll san gclár san cun lámh an loinithe a chur tríd. Buailtear an loinithe síos tríd an bpoll, síos go tóin an mheidre. Bíonn admad i bhfuirm croise ag bun an loinithe.
an claibín :- bíonn claibín i náirde ar an gclár. Chluidigheann an claibín poll an chláir ionnas ná mbíonn an bainne ag steanncadh, nuair a bhíthear ag déanamh an cuiginne.
an tubán :- bíonn tubán le hais na meidre. Coimeádtar an bainne annsan sar a gcuirtear isteach san meidir é.
bíonn marc ar tóin na meidre. Athuirne a tugtar ar an marc sin
deintear im dhá uair sa tSamhradh, agus uair amháin sa geimhreadh, dá mbeadh aon bhainne aca deintear muinntir an tighe í. Caitheadh gach(leanann ar an chéad leathanach eile)