Scoil: Achadh Tiobraid (uimhir rolla 9878)
- Suíomh:
- Achadh Tiobraid, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Tomás Ó Muircheartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Achadh Tiobraid
- XML Leathanach 144
- XML “Seancheirdeanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- ag déanamh coinnle:- Fadó ní raibh coinnle a ndíol i siopaí in aon cor. Dewanfeadh síad a gcuid coinnle sa bhaile. Bhí múnla i ngach tig an uair sin. Leagad síad géir ar dtúis. Gibidí an géar as beithidig a's as caora. Faigid múnla - múnlaí mora as múnlaí beaga. Cun coinnle mora, as coinnle beaga. Dheinidís buacaisí caola de cotún. Do chuiridís an mhúnla ina seasamh díreach i bfód móna no i dturnop.
Ceanglaidís an buacas le píosa "wire" a bhíodh treasna ar béal an mhúnla. Síos le an búacas i lár an múnla. Líonaidís an múnla de géar. Nuair a bhíodh an géar cruaidh, thairrigidís an coinneal suas de múnla. Úaireannta cuiridís fuil an bheitheidig isteach leis an ngéar, agus do bhíodh coinnle dearga aca.