Scoil: Achadh Tiobraid (uimhir rolla 9878)

Suíomh:
Achadh Tiobraid, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Tomás Ó Muircheartaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0477, Leathanach 127

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0477, Leathanach 127

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Achadh Tiobraid
  2. XML Leathanach 127
  3. XML “Scéal i dtaobh Púcaí”
  4. XML “Seanscéal Eile”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sean Sgéal eile
    Bhí bráthar mar sin fadó, agus chuir an Pápa fios air dul go dtí é Dia Luain. Seadh níor chuaidh sé go dtí é Dia Luain inaoncor. Bí sé gan beárradh. D'éirigh sé ar maidin De Máirt leis an lá. Bheárruig sé é feín D'imthig sé go dtí an Pápa annsan. D'iarraidh an Pápa de cad do choinnig inde é. Dubhairt sé ná raibh sé beárra, agus sin é a choinnigh é. D'imthig an Pápa agus thug sé seacht gcinn duibhe leis, agus chuir sé ar a aghaidh amach iad. "Féuch ortha san ars an Pápa leis" Dféuch. "An bhfeicheann tú aon deifir eatorra san" ar sé leis. "Cím" adubhairt an bráthair. "Tá ubh óir ann" adubhairt an bráthar. "Sin é an Domhnach anois an tubh óir" ars an Pápa, agus sin iad sé lá na seachtmhaine, agus aon gnó
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0756B: The Devil's Contract
    Teanga
    Gaeilge