Scoil: Achadh Tiobraid (uimhir rolla 9878)
- Suíomh:
- Achadh Tiobraid, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Tomás Ó Muircheartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Achadh Tiobraid
- XML Leathanach 105
- XML “Scéal Eile”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sgéal EileBhí mach feirmeóra ann uair, agus bhí sé ana dhiamhaoin ar fad. Ní dhéinfeadh sé lán de bhaise ar éinne acht pé nídh ba mhaith leis. Chuímhnig a dhritheár é cur go dtí ceárdhchain le slabhra tráthnóna déanach, feuchaint an marbheóchadh sprid é
Seadh d'imthig sé leis an slabhra, agus é ag amrán dó féin ag imtheacht. Deisig an ghabha an slabhra, agus sgaoil sé é. agus tamall an oidhche tuitithe. Ba gheárr an bóthar a bhí sé nuair bhuail sé lúb ar an slabhra agus ba geárr in dhiaidh sin gur bhuail an sprid leis. D'fháisgeadar ar a gcéile. Bhí sé ag caitheamh lúba an slabhra uirthi i gcómhnaidhe, agus iad ar casadh ar a gcéile Ba geárr gur chuir sé an lúb ar a ceann. Níor chuir sí cor dí annsan. Bhí an slabhra idir a dá ascail, agus níor fhéad sí corruighe
Glúaisig sé abhaile as í aige. Nuair tháinig sé abhaile, bhuail sé isteach an doras(leanann ar an chéad leathanach eile)