Scoil: Achadh Tiobraid (uimhir rolla 9878)

Suíomh:
Achadh Tiobraid, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Tomás Ó Muircheartaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0477, Leathanach 099

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0477, Leathanach 099

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Achadh Tiobraid
  2. XML Leathanach 099
  3. XML “Scéal i dtaobh Púcaí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sgéal idtaobh Púchaidhe
    Buachaill a bhí ag máirseáil mar seo oidhche, agus bhí tigh ar casán, as é ag teacht abhaile. Nuair a bhí sé ag teacht abhaile, cad do cidfeadh sé acht bean ag fuinneóg an tighe a gaibh sé thairis. Chonnaic sé iochtair na fuinneóige tógtha suas agus í ag féuchaint isteach. "Leig amach cugam é [?]" ars an bhean amuigh. Níor dhein an buachaill, acht í do caitheamh ó'n bhfuinneóig, agus dimthig sí.
    Is geárr gur shín amach leanbh láidir cuige. agus bheir sé air. Thóg sé leis é, agus bhailig sé leis é. Bhí a dhaoine féinig ina gcodladh, agus d'oscail sé an doras. Bhuail sé ináirde ar an lochta, agus an leanbh fe'n a asgail aige. Níor bhrath éinne é. Chuaidh sé ina chodladh Nuair éirig a mhuinntir ar maidin, an cuid eile aca, is amhlaidh a bhí leanbh an tighe inaice leo marbh as é á thórramh.
    Glaoidh a mháthair air, agus dubhairt sí leis. "Cad do báil do bheith annsan, agus leanbh dá chomarsan marbh. Bhí an leanbh aige sin agus é ina chodlad. Seadh d'éirig sé, as ní
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge