Scoil: Achadh Tiobraid (uimhir rolla 9878)
- Suíomh:
- Achadh Tiobraid, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Tomás Ó Muircheartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Scamaill: Má tagann scamaill ar an ngréin, bíonn droch aimsire ag teacht, acht má bhíonn aimsear breágh cugainn, bíonn an spéir go breágh glan.A grian: má théigeann an grian síos tráthnóna déanach dearg, bíonn aimsear breágh cugainn i gcionn tamaill. Ss geimhreadh má théigheann sí sin síos dearg bfhéidir go bhfaighfomm sioch. Nuair a bíonn an aimsear cun briseadh tagann scamaill ar an ngréin agus ní móide go bhfeicfeá inaoncor í, le gálaí agus le báistig.An gealach: má éirigheann sí go breágh glan, sin cómhartha maith. Má bhíonn scamaill uirthi agus iad ag rith i gcoinnibh ar buille sin cómhartha droch aimsire, agus gálaí. Má éirigheann sí agus a táir ináirde, sin droch ré agus droch aimsire a gheobhair as. Nuair a bhíonn a leath caithte (béal ceathrú a tugtar ar sin) bfhéidir go bhfaighfeá an cuid eile aici go breágh annsan. Nuair a bhíonn aimsear breágh againn cidhfir go breágh glan í ins an spéir breágh glan.(leanann ar an chéad leathanach eile)