Scoil: Scoil na mBráthar, Cathair Saidhbhín (uimhir rolla 16702)

Suíomh:
Cathair Saidhbhín, Co. Chiarraí
Múinteoir:
An Br. B. L. Mac Eoin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0477, Leathanach 063

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0477, Leathanach 063

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil na mBráthar, Cathair Saidhbhín
  2. XML Leathanach 063
  3. XML “Seanfhocail”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. B'é Mícheál O'Súilleabháin a fuair íad seo ó'n a mháthair. Fúair a mháthair iad a fhear de mhuinntir Uí Conaill, i Rínn-Árd

    1) Níor cheart d'fear caoch a thuairim a thabhairt fé dathanna
    2) An nídh atá ad chumas a dhéanamh ná leig dó gan dhéanamh go dtí amáireach
    3) An té go bfhuil talamh aige caithfidh sé obair éigin a glacadh
    4) Na táinte deora uisce nach (?) mór chun luinge shúncáil
    5) Fear gan stór ní mór é a guth i gcéíl
    6) Ní raibh cíall riamh a fhear dhá bhó
    7) Níor tháinig tinneas ríamh ins an cheann compórdach

    8) Is trom í lacha ar loch,
    Is trom de'n chapall an srían
    Is trom do dhuine an bhrat
    Is trom de'n colainn cíall

    9) Is bocht an croidhe nár tháinig solás ríamh
    10) Ins an áit go mbíonn an fonn ní bhíonn na chosa ró-throm
    11) Is feárr suidhe sochair ná eirighe agus tuitim
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. seanfhocail (~4,377)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Mícheál Ó Súilleabháin
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Bean Uí Shúilleabháin
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Baineann