Scoil: Scoil na mBráthar, Cathair Saidhbhín (uimhir rolla 16702)

Suíomh:
Cathair Saidhbhín, Co. Chiarraí
Múinteoir:
An Br. B. L. Mac Eoin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0477, Leathanach 027

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0477, Leathanach 027

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil na mBráthar, Cathair Saidhbhín
  2. XML Leathanach 027
  3. XML “Scéal - Eachtra Beirt Gharsún”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sgéul
    Eacthra Bheirt Gharsún
    Nuair a bhíosa óg chloisinn na seandaoine ag chainnt ar thig fé thalamh a bhí i dTúirín na Gréine, timhcheall is míle óm' thighse is dubhart liom féin go ndéanfainn iarracht ar dhul isteach ann, dá bfhaghainn aoinne a raghadh im theannta. Do bhí buachaill eile ar scoil le m' linn agus Dómhnall na Díoghbhala ar thugaimís air, mar ní bhíodh sos ná suaimhneas aige gan bheith ag déanamh díoghbhála. Nuair a chíodh sé crúisgín, nó cearc, nó gé, nó buidhéal, taobh amuigh de thigh bheireadh sé ar chloich agus chaithfeadh sé é. Dá mbeadh crann ubhall ag fás i ngiorracht leath-mhíle do'n bhótar sé Dómhnall an duine is túisge a bheadh anáirde air. Ba mhó é ár mheas ar Dhómhnall ná ar an múinntéoir agus ba bhréag linn dá mbeadh airm againn is Dómhnall mar captaen orainn. Lá amháin thug an múinnteóir ana léasadh do Dómhnall is dom' féin mar ná raibh ár gceachta de glan mheabhair againn. "Cá ragaimíd nó cad
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Tadhg Ó Connchúbhair
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Pádraig Ó Seaghdha
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Clochán Laighneacháin, Co. Chiarraí