Scoil: Scoil na mBráthar, Cathair Saidhbhín (uimhir rolla 16702)

Suíomh:
Cathair Saidhbhín, Co. Chiarraí
Múinteoir:
An Br. B. L. Mac Eoin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0477, Leathanach 007

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0477, Leathanach 007

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil na mBráthar, Cathair Saidhbhín
  2. XML Leathanach 007
  3. XML “Scéal - Ciste Óir i bhFolach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sgéul:-
    Ciste Óir i bfolach
    Bhí fear sa Daingean fadó áit go nglaodhtar Báile an Chóta ar. Bhí lán tighe pháistí aige. Bhí lán dhá bhó dhe thalamh aige. Bhí sé ana bhocht. Taidhrigheadh do oidhche dul go Droichead Luimnighe agus gheóbhadh sé mórán airgid ann. D'innis sé dá mhnaoí é agus dhein sí císte órnan dho, agus d'imthig siad go Droichead Luimnighe. Do bhuail fear leis. Do bheannaigheadar dá chéile agus dfiafruig fear an Daingin don bhfear eile cár bhas do. Dúbhairt sé gur ó Bhleá Chliat é agus go raibh sé ag dul go dtí an Daingean; gur taidhrigheadh dho go raibh páirc trí chúinneach in áit go dtugaid siad Báile an Chóta air sa Daingean gur taidhrigheadh dho dá raghadh sé ann go bfaigheadh sé mórán airgid fé thor cuilinn ar chúinne na páirce. Bhí fear an Daingin ana sheana chríonna agus do choinnibh sé a taidhreamh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1645: The Treasure at Home
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Tadhg Ó Conchubhair
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An tSráid Mhór, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Bean an Breanaigh
    Inscne
    Baineann
    Aois
    c. 80
    Seoladh
    Cathair Saidhbhín, Co. Chiarraí