Scoil: Scoil na mBráthar, Cathair Saidhbhín (uimhir rolla 16702)
- Suíomh:
- Cathair Saidhbhín, Co. Chiarraí
- Múinteoir: An Br. B. L. Mac Eoin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sgéul :-
Donnchadh agus Naomh Branndán :-
Bhí fear ann fadó, agus fadó a bhí, fear bocht d'arbh ainm Donnchadh Diag. Bhíodh cómhnuidhe air i mbothán bheag inaice coille i gceart-lár Chonndaé Chiarraighe. An t-am san ní raibh Éire comh lom is tá sí anois mar go raibh sí clúduighthe le coillte móra bréaghtha. Bhíodh na coillte comh tiugh flúirseach fairsing sin an t-am úd go ndeirtí go bhfeadfhadh cat crainn thaisdeal ó Dhaingean Uí Chúise go dtí Cathair Chorcaighe gan fiú is cos do chur ar an dtalamh. Anois, bhí Donnchadh ana-bhocht agus bhí annscian mná aige. Mar sin, idir a mhnaoi agus a bhochthanas ní bhiodh aon tsuaimhneas riamh ag an bhfear mbhocht. Maidin bhreagh samhraidh dá raibh Donnchadh ag caitheamh a phíopa go ciúin cneasta dho féin i gcúinne an tighe, seo isteach chuige a bhean agus thosnuig si 'ghá(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Diarmuid Ó Séaghdha
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Garrán Bán, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Diarmuid Ó Séaghdha
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Garrán Bán, Co. Chiarraí