Scoil: Scoil na mBráthar, Cathair Saidhbhín (uimhir rolla 16702)
- Suíomh:
- Cathair Saidhbhín, Co. Chiarraí
- Múinteoir: An Br. B. L. Mac Eoin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bé Proinnséas Ó Braonáin a bailig na paidreacha seo ó Seán Ó Duineachdha Cill Orlaighe An Gleann.
Seo paidir a bhíodh ags na daoine ag luighe síos 's toidhche "Fioghar na Croise glórmar idir sin is gach olc ó indiu go bliadhain ó indiu agus an uair sin amháin le Dia"
Do dheinidís fíoghar na croise le linn doibh bheith na luighe.
Seó paidir a bhíodh ags na daoine ag dul don aonach"Eiríghim suas le Dia
Go n-eirígheadh Dia liom láimh
Dia im thimceall
Ag suidhe agus am luighe
Is ag eirghe dom
Seo paidir a bhíodh aca ag coigilt na teine"Coiglim an teine seoMar coigleann Críost cáchMuire ar dhá ceann an tighe is Brighid 'na lárGach a bhfuill d'ainglibh is do naomaibh i gCathair na nGrásAg cosaint is ag coiméad lucht an tighe seo go lá"
Seo paidir ach ní fios dom cathain a deirtear é."A Muire Mháthair is a Mhaighdean ró-glórmarTabhair dúinn radharc do theaglach mór comhachtachSolus na soillse is radharc na TrionóídeA's grásta na foidhne in aghaidh na h-eagcóra."- Bailitheoir
- Proinnséas Ó Braonáin
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Duineachdha
- Inscne
- Fireann