Scoil: Scoil na mBráthar, Cathair Saidhbhín (uimhir rolla 16702)
- Suíomh:
- Cathair Saidhbhín, Co. Chiarraí
- Múinteoir: An Br. B. L. Mac Eoin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil na mBráthar, Cathair Saidhbhín
- XML Leathanach 484
- XML “Tomás Rua Ó Súilleabháin”
- XML “Fionán Mac Giolla Pádraig”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ná muinteaireacht. Bhí sé ag muineadh annso iCathair Saidbhín agus in Othar-Mong. Fear ábalta do beadh é, bhí léigheamh is scríobhadh go maith aige.Bhí beirt fhear amuich i Snaidhm. Prosenstúnaig do beadh iad agus bhí siad an-mhór leis an sagart Poráiste abhí ann. Lá amháin chuaidh an triúr aca isteach go tig osta igcóir deinnéir. An Aoine a bhí ann, agus bhí feol ag mo bheirt. Thainig Tomás isteach agus teastuig ón sagart spórt a bheith aige le Tomás agus labair sé mar seo leis: "Cad a measann tú mar geall ortha seo a Thomás D'fhreagair Tomás éIs bréagach iad Peadar agus Pól
Is bréagach Muire Óigh 'gus a Mac
Is bréagach é Pápa na Róimhe
Má's ag Bland is ag Stokes atá an ceart" - Fear 'seadh é seo atá ina' chomhnuidhe i nDún Géagaín inaice le Baile na Sgeilge. Bhí roinnt mait eolais aige idtaobh filí móra Shasana agus bhíodh sé igcomhnaí ag bailiú pictuirí díobh. Thóg sé fé ndeara pé sgéal go' mbíodh feasóga ortha go léir beagnach agus cheap sé dá leighfeadh sé le na fheasoig féin gan cur isteach ná amach uirthí go dtiocfadh(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Mícheál Ó Braonáin
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Eibhlín Nic Gearailt
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Gleann Mór, Co. Chiarraí