Scoil: Scoil na mBráthar, Cathair Saidhbhín (uimhir rolla 16702)

Suíomh:
Cathair Saidhbhín, Co. Chiarraí
Múinteoir:
An Br. B. L. Mac Eoin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0476, Leathanach 475

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0476, Leathanach 475

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil na mBráthar, Cathair Saidhbhín
  2. XML Leathanach 475
  3. XML “Seán Ó Síothcháin”
  4. XML “Colonel O Súilleabháin”
  5. XML “Andy the Pedlar”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    na bhéal aige igcomhnaidhe idtaobh gach aoine. Gach aon lá fliuch, fuar nó tirm bhíodh sé amuigh agus bata 'na láimh aige. Bhuaileadh sé cnag ar doras le na bhata agus nuair a oscailightí dó é sé an céad fhocal abhíodh ar a theangain aige ná "Bail ó Dhia oraibh go léir annso istig. Tá rudaí indiu agam nár chuiris do shuil riamh ortha. Tá siad ó leath Pinginn suas go scilling." Muna mbíodh an t-airgead go h-áiseach ag bean a' tighe thugadh sé cáirde fada di. Ag imtheacht do bhíodh Paidir dá rádh aige acht tá sí dearmadhta agam anois. Déaradh sé leis "Slán leat a bhean chóir agus cabhair Dé chughat."
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. B'é Peadar Ó Rosnadhe a fuair an cunntas tíos on' aintín, Nóra Ní Riordaín, Príomh Sráid, Cathair Saidhbhín.

    COLONEL O SUILLEABHÁIN
    Fear siubhail b'eadh an Colonel. Bhíodh bailéidí dá ndíol aige agus bhí sé go maith cun amhraín do thabhairt uaidh. Bhíodh a chasóg clúduighthe le buinn agus dhéaradh sé leis na daoine gur throid sé san Éirighe Amach na bliana '98 agus gur ghlac sé Páirt 'n lán cathanna agus go bfuair sé na buinn de bharr a shaothair. Bhí sé roinnt beag ar eadtromacht.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. daoine de réir aicme
        1. an lucht taistil (~3,023)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Peadar Ó Rosnaidhe
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An tSráid Mhór, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Nóra Ní Ríordáin
    Gaol
    Duine gaolta (nach tuismitheoir ná seantuismitheoir)
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An tSráid Mhór, Co. Chiarraí
  3. Fear an-chráibhteach do b'eadh Andy. Nuair a gheibheadh sé loisdín oidhche ní luigheadh sé ar leabhaidh go ndéarfaí an Choroinn ar dtúis. Sgéaladihe maith dob' ead é.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. daoine de réir aicme
        1. an lucht taistil (~3,023)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Peadar Ó Rosnaidhe
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Nóra Ní Ríordáin
    Gaol
    Duine gaolta (nach tuismitheoir ná seantuismitheoir)
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An tSráid Mhór, Co. Chiarraí