Scoil: Scoil na mBráthar, Cathair Saidhbhín (uimhir rolla 16702)

Suíomh:
Cathair Saidhbhín, Co. Chiarraí
Múinteoir:
An Br. B. L. Mac Eoin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0476, Leathanach 472

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0476, Leathanach 472

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil na mBráthar, Cathair Saidhbhín
  2. XML Leathanach 472
  3. XML “Tomás Ó Duineachdha”
  4. XML “Seán an tSionnaigh”
  5. XML “Pádraig De Nogla”
  6. XML “Ó Gráda”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Sár-sgéalaidhe do beadh é leis agus sgéalta fiannaidheachta abhíodh ar siubhal aige leis. Bíodh sé igcomhnaidhe ag canadh "Caith Ní Dhuibhir" agus "An Druim Fhionn Donn Dilis".
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Fuair Seosamh O Maolcroidhe an cunntas seo thíos on'a mháthair féin, Bean Uí Maolcroidhe, Sráid an Droichid, igCathair Saidbhín.

    SÉAN an t-SIONNAIGH
    Fear dall dob'eadh é seo. Bhíodh a bhean chéile 'na theannta igcomhnaidhe á threorú ó áit go h-áit. Aon áit go mbíodh rinnce ann bhíodh sé i láthair agus a bheidhlín aige agus b'é abí indán é sheinm. Tar éis gach babhta rinnce théigheadh sé timcheall ag bailiú na bpinginní. Théigeadh sé amach fé'n dtuaith leis agus d'fhanadh sé cúpla oidhche ins gach tig ag seinm dos na daoine ar feadh na h-oidhche beagnach. Ní thógadh sé aon níd uatha ach loisdín oidhche.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. daoine de réir aicme
        1. an lucht taistil (~3,023)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seosamh Ó Maolcroidhe
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Sráid an Droichid, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Bean Uí Maolcroidhe
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Sráid an Droichid, Co. Chiarraí
  3. Thagadh an fear sin ó Cill Áirne gach uair a bhiodh aonach ar an mbaile seo. B'é an maoidheamh ba mhó a bhíodh aige ná go bhfagadh sé Cill Áirne igcomhnaidhe in aonfheacht le carr na leitreach agus go mbíodh sé i gCathair Saidhbhín cé go dtagadh sé an t-slighe go léir de shiubhal a chos. Bhíodh truagh ag gach aoine dó mar bhí cos mhaide fé'n bfear mbocht.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.