Scoil: Scoil na mBráthar, Cathair Saidhbhín (uimhir rolla 16702)
- Suíomh:
- Cathair Saidhbhín, Co. Chiarraí
- Múinteoir: An Br. B. L. Mac Eoin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil na mBráthar, Cathair Saidhbhín
- XML Leathanach 463
- XML “Seancheirdeanna”
- XML “Seancheirdeanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- ÍLEFadó nuair na bhíodh íle le fáil 'sna siopaí bhíodh ar na daoine a riar féin de a dhéanamh, seo mar a dheánaidís é. Tá iasc áirithe - an pológ dubh nó ainm eile air 'seadh an Crothóg, agus gheibidís íle uaidh sin. Ghearraidis suas é agus beirbhighidis é i bpota os cionn na teine agus gan ach beagáínín uisge istig sa phota. Nuair a bhíodh sé beirbhighthe dhéanaidís é sgagadh agus bhíodh íle breagh aca.Ní bhíodh lampaí aca ach comh beag agus gheibidís seana chana nó muga agus líónaidís le h-íle é. Shochruighidís píosa beag de bhuacais ann annsan agus lasaidís é.(Micheál Ó Breanáin a thóg isteach é seo)
- COINNLEOIREACHTNuair a mharbhuigidís caoirigh fadó chuirtí géir na gcaorach isteach i gcorcán agus cuirtí inaice na teine é. Faigtí múnla agus cuirtí buacais 'na sheasamh i lár an mhúnla agus caithtí an géír-leachta isteach sa mhúnla go dtí go mbíodh an múnla lán. Fágtaí ann annsan é go mbíódh an múnla lán. Fágtaí ann annsan é go mbíodh sé cruaidh. Nuair a bhíodh an géirleachta múnláilte igceart tógtaí an choínneal bhreágh as an múnla.Bhíodh coinnleoireacht ar siubhal ins gach tig beagnach ach uaireannta bhailigheadh mná óga na h-áite le céile ar feadh cúpla lá agus dhéanaidís an oiread coinneal is a bhiodh ag teastáil ar feadh bliana.Bhíódh fear annso i Sráid Árd agus dhéanadh sé go leor coinneal igcóir an bhaile. Mícheál O Séághdha(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Seán Ó Donnchadha
- Inscne
- Fireann
- Bailitheoir
- Seán Ó Siothcháin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Seanbhóthar, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Bean an Bhreathanaigh
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Bean Uí Dhonnchadha
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann