Scoil: Scoil na mBráthar, Cathair Saidhbhín (uimhir rolla 16702)
- Suíomh:
- Cathair Saidhbhín, Co. Chiarraí
- Múinteoir: An Br. B. L. Mac Eoin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil na mBráthar, Cathair Saidhbhín
- XML Leathanach 445
- XML “Seanliosanna”
- XML “Seanliosanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)beag nár mharbhuigheadh é. Sort amadáin 'seadh an buachaill bocht ó shoin.
Tá lios amuig igCnuicíní timcheall míle on scoil. Uair amháin bhí daoine ag obair ar na bóithre timcheall agus bhí clocha in-easnamh ortha. Chuaidh fear díobh go dtí an lios seo agus thóg sé cuid maith des na clocha as. Cúpla lá indiaidh sin tháinig nioscóid ar a láimh agus d'fhulaing sé go mór. Chuaidh sé go dtí Stataí Ameiriocá ach deirtear go bhfuair sé bás go luath tar éis dul ann dhó.
Tá dún amuigh inGoirtín agus do réir an sgéil fuarthas croca oír ann tráth. Thóg an fear abhaile leis é agus churi sé i bhfolach in ait eigint é. Fuarthas an mhaidean indiaidh sin é sínte san leabaidh agus é comh marbh le Art. - (F) B'é Mícheál O Cúrnáin ó Málain a fuair an cunntas seo on a athair Domhnall O Curnáin, An Málain, Achadh Tiobraid
Tá lios ar an dTullaig, níl sé igceanntar na scoile ach timcheall naoi míle siar o dheas uaidh i bParóiste na Dromod. Tá lios eile igCeann Eic timcheall(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Mícheál Ó Cúrnáin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Málainn, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Domhnall Ó Curnáin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Málainn, Co. Chiarraí