Scoil: Scoil na mBráthar, Cathair Saidhbhín (uimhir rolla 16702)

Suíomh:
Cathair Saidhbhín, Co. Chiarraí
Múinteoir:
An Br. B. L. Mac Eoin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0476, Leathanach 443

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0476, Leathanach 443

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil na mBráthar, Cathair Saidhbhín
  2. XML Leathanach 443
  3. XML “Seanliosanna”
  4. XML “Seanliosanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    dtí an tig é agus é ag beicigh "Ná marbh mé, ná marbh mé." Chuireadar fios ar shagart agus dochtuir ach d'aimheoin a ndicheall cailleadh é irith na h-oidhche sin.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. (D) B'é Seosamh O Maolcroidhe a bhailig an cunntas seo ó Pádraig O Neill. Fear óg 'seadh an Néilleach a chuireann an-speis i mbéaloideas. Tá roinnt maith bailithe aige. Thug sé an t-eolas do Sheosamh imBeurla agus chuir sé féin Gaedhilg air.

    Cathair Saidhbhín
    Fuair an baile seo a ainm ó cathair abhí ag an mbainrioghain Sadhbh nó Saidhbhín fadó. Bhíodh an Chathair san láthair chéadna is atá an otarlann indiú.

    Cathair na gCat
    Tá an cathair seo inaice le Cathair Geal. Is ar eigin a chífeá a rian anois. Cathair na gCat a tugtaí air agus bhíodh sgéalta ages na sean daoine go gcloistí na cait ag gol ann ist-oidhche.

    Dún Aonair
    In aice le Cuas Croma tá dun cuibhdheasach mór ar a dtugtar Dún Aonair tosc ná bíodh ach fear amháin á chosaint igcomhnaidhe. Tá lios in aice leis an dúin seo agus tá Crois breágh le feiscint ann. Annso tá roinnt cloch leis agus ógam Craobh ortha

    Cathair na mBan
    Tamaillín uaidh seo tá Cathair na mBan le feiscint.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. áit-spás-timpeallacht
      1. áiteanna osnádúrtha agus spioradálta (~158)
        1. ráthanna (~5,616)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seosamh Ó Maolcroidhe
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Pádraig Ó Néill
    Inscne
    Fireann