Scoil: Scoil na mBráthar, Cathair Saidhbhín (uimhir rolla 16702)

Suíomh:
Cathair Saidhbhín, Co. Chiarraí
Múinteoir:
An Br. B. L. Mac Eoin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0476, Leathanach 442

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0476, Leathanach 442

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil na mBráthar, Cathair Saidhbhín
  2. XML Leathanach 442
  3. XML “Seanliosanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    den Ghoilín. Dubairt m'athair liom gur chualaidh sé sgéal os na sean daoine fadó: seo é é:-
    "Lá dá rabhadar ag déanamh claidhe treasna an Pharáiste thógadar aníos ceann des na clocha móra. Chonnacadar thíos na sliogáin 'na mbíodh iasg istig ionnta. D'imthigheadar annsan isteach san Pharáiste agus bhí sluaiste aca agus sáitheadar na sluaiste fés na sliogáin ach cad a bheadh ann ach Píosaí de gunnaí agus corráineacha agus iad ídighthe is ithte le meirg.

    Tá lios eile inGarrán Bán agus is ann atá na clocha breághtha. Bhí fear ann fadó agus bhí an tig comh dona san aige gur bheartuig sé seift ar cheann nua do thógaint; bhí sé ar intinn aige feidhm do bhaint as clocha an leasa.
    Lá amháin thosnuig sé ar iad do thógaint leis ach tháinig Pian uathbhásach 'na drom. Luighe sé síos ar urlár an leasa cun a sgiath do thógaint.
    Chuala a bhean an glór istigh sa lios. Chualaidh na comarsain é. Ritheadar síos go dtí an lios agus fuaradar an duine bocht agus é leath marbh. Bhí sé bruighte, briste agus stracartha tar éis an droch-usáide a fuair sé os na daoine maithe san lios. Thóg thar nais go
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. áit-spás-timpeallacht
      1. áiteanna osnádúrtha agus spioradálta (~158)
        1. ráthanna (~5,616)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Tadhg Ó Cathasaigh
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Faiche an Aonaigh, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Tadhg Ó Cathasaigh
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Faiche an Aonaigh, Co. Chiarraí