Scoil: Scoil na mBráthar, Cathair Saidhbhín (uimhir rolla 16702)

Suíomh:
Cathair Saidhbhín, Co. Chiarraí
Múinteoir:
An Br. B. L. Mac Eoin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0476, Leathanach 409

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0476, Leathanach 409

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil na mBráthar, Cathair Saidhbhín
  2. XML Leathanach 409
  3. XML (gan teideal)
  4. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal) (ar lean)

    San am nuair a bhí na hÉireannaigh ag talladh earraí ó tíortha iasachta do fuair Cúm a Chiste a ainm.

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    Bhí fear eile ann leis, agus thóg sé an carn óir agus chuir sé i bhfolach é i gcúas a bhí i n-aice le Rinn-Iarthach.
    Tamall maith in dhíaidh sin, bhí an Captaoin ag fághail báis, agus dúbhairt sé le'n a mhac dul go h-Éirinn agus cúaird do thabhairt ar an áit a mharcáil sé ar léar-sgáil a bhí aige. Do tháinig an mach agus chúaidh sé go dtí athair Domhnaill O'Conaill agus d'íarr sé air teacht leis chun an óir d'fhághail. Do chúaidh sé féin agus Díarmuid a' Hata, sin an t-ainm a bhí ar athair Domhnaill O'Conaill go dtí an áit agus fúaradar an ciste no an t-ór. Sin an fáth go dtugtar Cúm a' Ciste ar an áit ó shoin amach.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. (gan teideal)

    Fear saidhbhir ó Shasana a bhí ina chomhnaidhe in aice An Daingean fadó.

    D'innis Gearóid Ó Caoimh, buachaill aimsire annso sa mbaile, ach a tháinig ó Ceann Tuirc ar dtúis, an sgéal seo do Phronnséas Ó Braonáin. Scríobh Proinnséas an sgéal fé mar d'innis Gearoid é agus níor deineadh aon athrú air.

    Fear saidbbhir ó Shasana a bhí ina chomhnaidhe inaice An Daingean fadó. Bíodh gur fear sadhbhir é ní raibh sé sásta le na raibh aige. Fear sanntach a bheadh é agus bíodh sé go canncrac mí-shásta
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
        1. creidiúint choiteann (~2,535)
          1. ór i bhfolach (~7,411)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Proinnséas Ó Braonáin
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Gearóid Ó Caoimh
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Oibrí tí (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)