Scoil: Scoil na mBráthar, Cathair Saidhbhín (uimhir rolla 16702)

Suíomh:
Cathair Saidhbhín, Co. Chiarraí
Múinteoir:
An Br. B. L. Mac Eoin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0476, Leathanach 408

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0476, Leathanach 408

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil na mBráthar, Cathair Saidhbhín
  2. XML Leathanach 408
  3. XML “Cistí Ór i bhFolach”
  4. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    idtreo is ná feicfheadh aoinne é. Chuaid sé a chodhladh annsan ach slán mar a n-innstear é cailleadh é irith na h-oidhche. Dubhairt na sean daoine gurbh iad na sidheoga a tháinig irith na h-oidhche agus nuair ná fuaireadar an t-ór gur marbhuigeadar an duine bhocht.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. (gan teideal)

    San am nuair a bhí na hÉireannaigh ag talladh earraí ó tíortha iasachta do fuair Cúm a Chiste a ainm.

    B'é Mícheál O'Suilleabháin ó Otharmong do bhailigh an sgéal seo. D'innis a mhathair an sgéal dho in gaedhilg agus níor deineadh athrú nó ceartú ar bith air.

    San am nuair a bhí na h-Éireannaig ag talladh earraí ó tíortha iasachta do fuair Cúm a' Chiste a ainm. Sé bhrígh atá le Cúm a' Chiste ná cúm an óir. Do bhí long mhór ag talladh fíona agus óir ón Spáin go h-Éirinn. Sar a shrois an long an áit a bhí i n-úil dóibh, do bhreith long Sasannach uirthe. Do badadh na Spánaig an long sar a raibh caoí ag na Sasannaig í do ghábhail. Annsan do ghabhadh an Captaoin agus chuireadh i bpríosún é.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
        1. creidiúint choiteann (~2,535)
          1. ór i bhfolach (~7,411)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Mícheál Ó Súilleabháin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Eochair Mong, Co. Chiarraí