Scoil: An Clochar, Cathair Saidhbhín (uimhir rolla 13542)

Suíomh:
Cathair Saidhbhín, Co. Chiarraí
Múinteoir:
An tSr. M. de Lourdes Stac
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0476, Leathanach 286

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0476, Leathanach 286

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Clochar, Cathair Saidhbhín
  2. XML Leathanach 286
  3. XML “Seanbhóithre”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Dar ndóigh níl aon nídh a cuirfeadh an sean-aimsir agus na sean-cúrsaí i gcéill do dhuine chómh soiléir agus a dheineann na sean-chasáin agus na sean-bhóithre. B'iad na bóithre ba mhó tábhacht ins an ceanntar seo tráth ná, Bóthar Buidhe, An Bhóthar Nua, Bóthar an Mhuillin agus Bóthar an Phortaigh i bparóíste na Faille Móire, Bóthar an Ré, Bóthar an Aifrinn agus Bóthar na mBróg i bparóísde na Dromoide. Tá na bóíthre seo in usáíd fós. Do réir na sean-daoine b'iad na daoine a dhein iad fadó riamh. Deineadh Bóthar an Ré i bparóisde na Dromoide in aimsir an droich-saoghail ar "leath-sgéal mine." Bhíodh na fir ag obair sa bhóthar agus bhíodh na mná agus cléibheanna aca ag tarrach an ghairbhéil ó phuill-sléibhe ar págh suarach, réal sa ló. Deineadh Bóthar Cum an Chiste tímcheall an ama seo leis. Bhí na fir 'á dhéanamh san am úd gur gaibh Tomás Ruadh, file Uibh Ráthaigh an treó agus de bhárr a taistil ann tá an t-amhrán so againn:-
    "Cúm an Ciste brúighte briste
    Ag púdair buile Chearnaigh
    'S a Sheain Uí Bhriain ná feacha riamh
    Chím-se rian do láimhe air.
    Tá sgéal ann gur gaibh fear tré Chúm an Chiste sar a dheineadh aon bhóthar riamh ann. Bhuail bean leis agus do lámhaigh sí é agus bhí sí ag chuir na sáithte air, ar cár ghaibh sé le na leanbh. Ní raibh aon fhios ag an bhfear so mar gheall ar leanbh na mná úd ach díol sé as go dóíghte cé go raibh fuil na macántachta i bhféiteannaibh a chuirp. An sean-bhótar úd a tagann treasna an cnuic ó'n gCoirreán go Dairfhionáin tá sé níos cómhgaraighe mar slíghe treasna an mháma ná an bóthar nuadh. Ar leath-taoibh an bhóthair so ag bárr an cnuic tá leach
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. earraí
      1. struchtúir de dhéantús an duine
        1. infreastruchtúr poiblí
          1. bóithre (~2,778)
    Teanga
    Gaeilge