Scoil: An Clochar, Cathair Saidhbhín (uimhir rolla 13542)

Suíomh:
Cathair Saidhbhín, Co. Chiarraí
Múinteoir:
An tSr. M. de Lourdes Stac
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0476, Leathanach 283

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0476, Leathanach 283

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Clochar, Cathair Saidhbhín
  2. XML Leathanach 283
  3. XML (gan teideal)
  4. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal)

    Cheap na daoine fadó leis, dá dtagadh na ba abhaile gan puinn bainne ist oidhche gurb iad na púcaí a bhain an bainne dhíobh.

    ....Bhí bean ann uair agus leog sí a bó amach ar maidin roimh a crúdh. Nuair a tháinig an bhó isteach ní raibh fiú amháin, dath an tae aici, agus mar sin a bhíodh sí gach aon mhaidin. Bhí iongnadh ar an mnaoi, cad do bhí ag teacht leis an mbuin. Leog sí amach í maidin agus d'aodhruig sí féin í. An fhaid is a bhí an bhó ag inbhear bhí an mhuc ag sgreadaig timcheall uirthe agus ní fheaca sí aon mhuc. Thug sí léi isteach an bhó, annsan, agus leog sí a dá ghlúin fúithe, agus do bhí sí ag guidhe chun Dé an bhó d'fhágaint aice. Do bhí an bhó ar fheabhas aice as san amach. Mhair an bhó go dtí go raibh sí ocht mbliadhna déag d'aois. Do cuireadh ar salann annsan í agus ní túisce san déanta ná go bhfuair bó cúig bliadhna bás. Dubharthas gur bheireadh cun siubhail í san mar bhó in ionad na bó a marbhuigeadh.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. (gan teideal)

    Baineadh na feirmeóií fadó móin na bliadhna in aon lá amháin.

    .....Bailighidís seacht nó ocht de sleánaibh agus meitheal mór fear. Ba dheacair dóibh súd mar fir puinn gnótha a dhéanamh, mar bhíodh na cailíní óga ag imirt ortha. Nuair a thagaidís cun dinnéir, geibeadh na cailíní muga móra d'uisge, agus loitidís dinnéar na bhfear leis. Nuair a bhíodh an t-uisge ídithte, théighdís cun na meidhre, acht ní ró mhinic é, agus bhídís ag caitheamh na blathaighe ar na fearaibh. Bhíodh fear a' tíghe beagnach as a mheabhair an lá san toisg a laigheadh oibre a bhí á dhéanamh ages na fearaibh. Maidir le bean a'tíghe bhíodh a páirt aice siúd san spóirt cómh maith le cách
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge