School: An Clochar, Cathair Saidhbhín (roll number 13542)

Location:
Cathair Saidhbhín, Co. Chiarraí
Teacher:
An tSr. M. de Lourdes Stac
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0476, Page 280

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0476, Page 280

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Clochar, Cathair Saidhbhín
  2. XML Page 280
  3. XML (no title)
  4. XML (no title)
  5. XML (no title)
  6. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title) (continued)

    Ní théigheadh na buachaillí amach san mbrídeáig in aon cór fadó.

    (continued from previous page)
    daoine ní cheart an Brídeóg do leigint gan rud éigin de thabhairt do's na daoine gur leó í.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. (no title)

    Tá "lá cros na bliadhna" ann ach ní fios d'aoinne cad é an lá é.

    Tá "Lá Cros na Bliadhna" ann ach ní fios d'aoinne cad é an lá é. Deireann cuid de's na sean-daoine gurb'é an ceathramhadh lá i ndiaidh na Nodhlag é, sé deireann a thuille dhíobh, gur ar an Dardaoin a thuiteann sé acht nách fios cad é an am de'n bhliadhain, go dtuiteann an Dardaoin sin. Tá a rian air, ní dheineadh na mná fadó a gcuid olann do dhathú ná do chárdáil Dardaoin ná aon lámh in aon chor a bheith in obair de'n tsórd san aca, ar eagla an chinneamhaint. Sé an brígh atá le "Lá Cros na Bliana" ná an lá go dtuiteann a chros nó a thrioblóid ar dhuine ar chuis éigin.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  3. (no title)

    Dá mbeadh seanduine amuigh, agus dá séideadh gála beag gaoithe chromdafh sé síos agus stracfadh sé sop féir ón dtalamh...

    Dá mbeadh sean-duine amuigh, agus dá séideadh gála beag gaoithe chromfadh sé síos agus stracfadh sé sop féír ó'n dtalamh agus leagfadh sé leis an ngaoith é, in a ionad féinig. Sean nós iseadh é sin agus de réir mar chloisim is fíor-shuarach na daoine a chleacht é.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  4. (no title)

    Deireann na sean daoine nach féidir leis na púcaí aon nidh do dhéanamh gan duine beó do bheith ina dteannta.

    Deireann na sean daoine nách féidir leis na púcaí aon nidh do dhéanamh gan duine beó do bheith i-n a dteannta. Bhíodh duine beó annso is annsúd in aoinfheacht leó. Ceann des na daoine seo ab 'eadh "Seán na bPúcaí" i bparoíste na Dromada: Dath an phúca a bhí air seo, fé mar a deirtear, dath cíoramh, gan deallramh fir ná buachalla air.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish