School: An Clochar, Cathair Saidhbhín (roll number 13542)
- Location:
- Cathair Saidhbhín, Co. Chiarraí
- Teacher: An tSr. M. de Lourdes Stac
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Clochar, Cathair Saidhbhín
- XML Page 275
- XML (no title)
- XML (no title)
- XML (no title)
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title) (continued)
“Tá áit in aice leis an gCorráin ar a dtugtar Comán.”
(continued from previous page)an áit go léir in a fhairrge annsan, agus tháinigh na camáin a caitheadar uatha i dtír ins an áit a dtugtar Camán air indiu.(no title)
“Dá mbeadh dhá cuirp ag teacht go dtí an teampall le chéile fadó….”
......bheadh an muinntir a bhainfheadh le gach corp aca, ag seilt alluis a gcroidhe ag iarraidh is go mbéadh a gcorp féin curtha roimh an gcuirp eile, mar tá sé ráidhte ag sean-daoine go mbíonn aodhaireacht an teampaill ar an duine is deireannaighe a curtar ann go dtí go dtagann corp eile isteach ann.(no title)
“De réir na sean-daoine, ní cheart a bheith ag caoineadh ró-fhada...”
.......in diaidh duine a gheibheann bás. Bhí bean I nGleann Beithe, agus do cailleadh beirt leanbh uirthi , gearrcaile agus buachaill. Bhíodh sí ag gol ina ndiaidh gach lá. Cúpla mí tar- éis bháis dóibh, do bhuaileadar isteach chúichi trathnóna breagh san tSéasúr tar éis na gréine dul síos. D'fiafruigh sí díobh an raibh saoghal maith aca. Do labhair an cailín óir b'í ba shine agus dubhairt sí "bheadh saoghal mhaith againn muna mbéadh tusa a Mham Féach ar ár gcosaibh ní aon braon agat-sa a sheilt ná go dtagann poll in ár gcosaibh". Dubhairt an mháthair ná golfadh sí as san amach.(no title)
“Deirtear ná'r cheart do'n mháthair dul ar socraid an chéid linbh.”
[-]