Scoil: An Clochar, Cathair Saidhbhín (uimhir rolla 13542)
- Suíomh:
- Cathair Saidhbhín, Co. Chiarraí
- Múinteoir: An tSr. M. de Lourdes Stac
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Clochar, Cathair Saidhbhín
- XML Leathanach 273
- XML (gan teideal)
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Bhí triúr buachaillí ag teacht ó Chathair Saidhbhín uair.”
Bhí triúr buachaillí ag teacht ó Chathair Saidhbhín uair. ba mhór le ceann aca faid an bhóthair, agus do ghaibh sé an cómhgar abhaile. buachaill ó pharóiste na Dromaide ab 'eadh é. Ar a slighe don bheirt eile abhaile, do bhraitheadar glór éigin ag gabháil thórsa, ar nós cómhach gaoithe. Bhí an buachaill eile ag druideamhaint in aice an tighe, nuair a tháinig an bhean suas leis. Sprid ab 'eadh é, agus deirtear gurb í sin a ghaibh thar na buachaillí eile nuair a bhraitheadar an glór. D'fháisg sí ar an mbuachaill agus bhí an tarna leag bainte aice as. Nuair a tháinig triúr fear ó-n saghal eile chun cabhartha leis. do chuireadar fán ar an sprid, agus dubhradar leis go rabhadar ag Póna na gCór i bparóiste na faille móire. Nuair a bhain sí an chéad leag as. Níor misde dhuit, arsa ceanna aca " ná rabhasa chómh bacach, agus a bhíos-sa ar an saoghal so."(gan teideal)
“Bhí bean in aice an Chorráin fadó agus do fuadaigheadh í.”
Bhí bean in aice an Chorráin fadó agus do fuadaigheadh í. Bhí sí ag teacht ó thigh comharsan oidche, agus chuidh sí síos agus thuit a codhladh uirthe. Nuair dúisigh sí is amhlaidh a fuair sí i féin i móinfhéar go raibh cocaí beaga féir ann, i gCo. Luimnighe. Tháinig máighistir an fhéir, agus d'fiafhruigh sé dí cad as í. Ní raibh sí ábalta ar tuairisg a muinntire ná a baile do thabhairt. Do thóg sé in aimsir í, agus d'fhan sí aige ar feadh(leanann ar an chéad leathanach eile)