Scoil: An Clochar, Cathair Saidhbhín (uimhir rolla 13542)

Suíomh:
Cathair Saidhbhín, Co. Chiarraí
Múinteoir:
An tSr. M. de Lourdes Stac
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0476, Leathanach 269

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0476, Leathanach 269

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Clochar, Cathair Saidhbhín
  2. XML Leathanach 269
  3. XML (gan teideal)
  4. XML (gan teideal)
  5. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal)

    Fadó téigheadh fir, agus sluasad nó ramhaann ar an nguailaibh, go séipéal...

    Fadó téigheadh fir, agus sluasad nó ramhann ar a nguailnibh, go séipéal a n-áite Dia Domhnaigh, féachaint cé thógfadh in aimsir iad i gcóir na seachtmhaine.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. (gan teideal)

    Roimh aimsir an droch-shaoghal, bhíodh na gais chómh glas lá 'lé agus a bhídís lá Shain Seáin,..

    Roimh aimsir an droch-shaoghail, bhíodh na gais chómh glas lá 'lé agus a bhídís lá Shain Seáin. D'fhás na prátaí chómh maith sa chéad bliadhain an dhroch shaoghail agus a d'fhásadar aon bhliadhain roimhe sin, do réir na sean daoine. Is amhlaidh a lobhardar ins na puill. Déárfadh aon tsean-duine leat gur thug na doaine fé ndeara go raibh na puill ag éirighe níos lugha gach ló. Nuair a thángadar fé dgéin prátaí na bpoll ní raibh le fághail aca ach lathach. Bhí tigh na mbocht i mBeathach lán, agus gach aon tigh eile dá shórt. Nuair a gheibheadh na daoine bás i dtigh na mbocht i mBeathach tógfaí amach iad agus cuirtí Sruth Gréine iad gan brailín, gan comhra.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí eacnamaíocha
        1. talmhaíocht (~2,659)
    Teanga
    Gaeilge
  3. (gan teideal)

    Bhí fear ann uair agus fuair a bhean bás, agus bhí aon leanbh amháin aige.

    Bhí fear ann uair agus fuair a bhean bás, agus bhí aon banbh amhaín aige. Phós sé an tarna uair - Bhí bó breóidhte aige agus thug sé fear na leigheas leis chun go ndéanfadh sé maitheas éigin don bhó. Ní raibh fear na leigheas ábalta ar phuinn a dheanamh dón bhuin. Dubhairt sé le fear na bó go mbeadh an bhó ar thaobh éigin fe'n Dardaoin a bhí ag teacht acht go mbeadh sé ar a thaobh feín ach a leithéid seo do dhéanamh. Dubhairt sé go gcuirfeadh an
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.