Scoil: An Clochar, Cathair Saidhbhín (uimhir rolla 13542)

Suíomh:
Cathair Saidhbhín, Co. Chiarraí
Múinteoir:
An tSr. M. de Lourdes Stac
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0476, Leathanach 268

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0476, Leathanach 268

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Clochar, Cathair Saidhbhín
  2. XML Leathanach 268
  3. XML (gan teideal)
  4. XML (gan teideal)
  5. XML (gan teideal)
  6. XML (gan teideal)
  7. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal)

    Ní dhíoladh na daoine aon mhuc fadó, ….

    Ní dhíoladh na daoine aon mhuc fadó, go dtí go mbíodh bliadhain aoise aice. Ní raibh aon ráil le fághail , agus nuair a bhíodh feirmeóir chun muice a dhíol bhailigheadh sé ceithre racaí. Bhíodh raca amháin aige féin agus gheibheadh sé trí racaí eile ós na comharsain. Racaí na ngamhan a bhíodh aca.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. (gan teideal)

    Nuair a bhíodh duine ag dul go h-Americá fadó….

    Nuair a bhíodh duine ag dul go h-Americá fadó chuireadh duine éigin a bhaineadh leis, grainne cré ná feaca grian ná fearthainn riamh, isteach in a sparán.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  3. (gan teideal)

    Tá isteach is amach le trí ficheadh bliadhan ann ó bhí an Imirce ann.

    Tá isteach is amach le trí fichead bliadhan ann ó bhí an Imirce ann. Bhailigh gach duine bocht leis an uair úd. Roimh sin théigheadh deichneabhar nó dáireág duine go dtí an tigh céadna in aon lá amháin ag lorg déirce. In aimsir an Imirce, théigheadh lucht trialltha fairrge Uibh Ráthaigh isteach i mbádaibh a bhíodh ag teacht chómh fada le Cathair Saidhbhín. Bheireadh na báid seo iad chómh fada le Sceilg agus annsan thagaidís i dtír i Sgeilg Mór. Bhíodh longa annsúd rómpa agus théighidís isteach ins na longaibh, agus súid sall go h-Americá leó. Ní dhíolaidís pingin as a dturais go h-Americá. Nuair a bhíodh duine chun dul ann chaitheadh sé gabháil le líontighe éigin, agus a leigint air gur duine de'n líontighe sin é.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.