School: An Clochar, Cathair Saidhbhín (roll number 13542)

Location:
Cathair Saidhbhín, Co. Chiarraí
Teacher:
An tSr. M. de Lourdes Stac
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0476, Page 261

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0476, Page 261

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Clochar, Cathair Saidhbhín
  2. XML Page 261
  3. XML (no title)
  4. XML (no title)
  5. XML (no title)
  6. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title)

    Chuaidh fear agus bean ó pharóiste na Dromaide go muillean i gCill Orglan ag cárdáil olna.

    Chuaidh fear agus bean ó pharóiste na Dromaide go muillean i gCill Orlgan ag cárdáil olna. Do theasaigh rothaí trucaille uatha leis. Nuair a bhíodar chun teachta abhaile, do thosnuigh an lá ag cur glagair. Do dheineadar moill ó'n nglagar, agus bhí tuitim na h-oidhche ann, agus sguilb na spéire á lasadh nuair d'fhágadar Cill Orglan. Bhí an bóthar ag éírighe go maith leó go dtí go dtángadar go Bealach Oisín in Oirthear paróiste na Dromaide. Chuaidh an fear isteach go tigh éigin sa mBealaigh ag deargadh a phíopa. Dubhairt fear an tighe leis gan aon eagla a bheith air ag gabháíl siar, gur anois a tháinig sé féín ainiar. Ní fada siar a gheibh an bheirt nuari a bhuail gearchaile i timcheall a seacht nó a ocht de bliadhantaibh, leó, fé mar do cheapadar. Cheapadar gur cailín sgoile í a chuaidh fe dhíon tighe éígin ó'n mbáistigh. Acht ba ghearr gur chuir sí i-n iúl dóibh, cad é
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. (no title) (continued)

    Deirtear gur fear é Jack o' the Lantern….

    (continued from previous page)
    Annsan do cuireadh ar an daoghal so é, agus coinneal ar lasadh ar bhárr a mheíre aige. Dá na bóth - fearthainne atá ar an gcoinneal so, agus deirtear go leigfear isteach i bhFlathas Dé é nuair a bheidh deire an choinnil sin dóíghte. Deirtear gur mó-uair riamh a chuir sé duine amugha.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  3. (no title)

    Nuair a thuitfeadh fiacal ó dhuine fadó, bhéarfadh sé air...

    Nuair a thuitfeadh fiacal ó dhuine fadó, bhéárfadh sé air, agus chaithfeadh sé fiacal agus sméaróíd de dhruim a ghualainn 'á rádh ag an am gcéadna, "In ainm an Athar, agus an Mhic agus an Spioraid Naoimh."
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
    2. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Language
    Irish
  4. (no title)

    Chuaidh fear ague bean ó pharósite na Dromaide go Muillean i gCill Orglan ag cárdáil olna.

    (-)
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.